Written answers

Tuesday, 29 November 2022

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Seirbhísí trí Ghaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

253. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé i gceist aici a chinntiú go dtabharfaidh athbhreithniú cuimsitheach Choimisiún na Meán aird ar na nithe sin a mhol sí a bheadh feiliúnach don athbhreithniú sin, le linn an phlé ar an mBille um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán, 2022, ag Céim an Choiste - go háirithe soláthar seirbhís náisiúnta raidió ar leith don aos óg, cuótaí i gcás úsáid na Gaeilge ar an teilifís agus ar an raidió, athbhreithniú straitéiseach ar chraolachán na Gaeilge, íosmheid 30 nóiméad de Ghaeilge ar an raidió agus ar an teilifís ó 9 go 5 idir Luan agus Aoine, cuótaí don cheol trí Ghaeilge ar an raidió, agus íosmhéid infheistíochta de 25% ag RTÉ i léiriúcháin neamhspleácha trí Ghaeilge - trí threoir shonrach a thabhairt don Choimisiún, an bhfuil sí den tuairim gur chóir go mbeadh an Coimisiún in ann neamhaird a thabhairt ar na nithe sin san athbhreithniú más mian leo, nó an bhfuil sí den tuairim gur chóir go mbeadh aon treoir don athbhreithniú cuimsitheach sin curtha go sonrach isteach sa Bhille ag Céim na Tuarascála chun a chinntiú go mbeidh siad san áireamh in athbhreithniú. [58754/22]

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ceann de na moltaí a rinne an Coimisiún um Thodhchaí na Meán go ndéanfaí athbhreithniú cuimsitheach ar sheirbhísí agus ábhar Gaeilge ar fud chóras na meán. Ghlac an Rialtas leis an moladh seo, agus tá sé i gceist go ndéanfaidh Coimisiún na Meán an t-athbhreithniú seo, agus meastar go dtógfaidh sé ocht mí dhéag le críochnú.

Leag an Coimisiún roinnt ceisteanna amach ina dtuarascáil ar cheart don athbhreithniú díriú orthu, lena n-áirítear róil RTÉ, TG4, Raidió na Gaeltachta, agus soláthraithe ábhair. Ina theannta sin, moladh go scrúdófaí san athbhreithniú deiseanna do chomhoibriú agus do chomhpháirtíochtaí amach anseo; straitéisí le haghaidh rannpháirtíocht óige, cláir óige agus oideachais. Cé nach mian liom talamh slán a dhéanamh de mhionsonraí athbhreithniú neamhspleách an Choimisiúin, bheinn ag súil go mbeadh an próiseas leathan go leor chun na ceisteanna a d’ardaigh an Teachta a chlúdach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.