Written answers

Thursday, 24 November 2022

Department of Education and Skills

Scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

224. To ask the Minister for Education and Skills cé mhéad iarratas atá curtha isteach ar iompar scoile chun freastal ar Ghaelscoil agus Gaelcholáiste nó Aonad Gaeilge dara leibhéal, agus briseadh síos ar cé mhéad acu sin a fuair iompar poiblí scoile nó deontas iompar scoile nó ar diúltaíodh dóibh ag an gcéad staid den iarratas, agus cé mhéad a lorg achomharc agus a fuair nó nach bhfuair iompar poiblí scoile nó deontas iompar scoile de thairbhe an achomhairc sin. [57566/22]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is oibríocht shuntasach é Iompar Scoile atá á bainistiú ag Bus Éireann thar ceann na Roinne.

Sa scoilbhliain deiridh, iompraíodh os cionn 121,400 leanbh, lena n-áirítear os cionn 15,500 leanbh a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, ar bhonn laethúil go dtí bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna ar fud na tíre ar chostas de níos mó ná €289m in 2021.

Is é aidhm Scéim Iompair Scoile mo Roinne, ag féachaint do na hacmhainní atá ar fáil, ná chun tacú le hiompar chuig an scoil agus ón scoil de na leanaí atá ina gcónaí faoin tuath ón scoil is gaire dóibh.

Faoi théarmaí na scéime, tá leanaí incháilithe le haghaidh iompair scoile má shásaíonn siad na critéir faid (3.2km ag an mbunscoil agus 4.8km ag an iar-bhunscoil) agus má tá siad ag freastal ar an scoil/ionad oideachais is gaire mar atá socraithe ag mo Roinn/Bus Éireann, ag féachaint don éiteas agus don teanga. I dtaca leis seo, baineann an teanga leis an nGaelcholáiste nó leis an Aonad is gaire, cibé ceann an áis is gaire atá ag teagasc trí mheán na Gaeilge.

Níl teacht éasca ar an bhfaisnéis atá á hiarraidh ag an Teachta. Iarrfaidh mé ar Bhus Éireann tuairisc a chur ar fáil dom maidir leis an ábhar. Agus na sonraí curtha i dtoll a chéile, socróidh mé go gcuirfear an fhaisnéis seo ar aghaidh go dtí an Teachta chomh luath agus is féidir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.