Written answers
Thursday, 24 November 2022
Department of Education and Skills
Pleananna Oideachais
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
213. To ask the Minister for Education and Skills faoin líon daltaí in oideachas dara leibhéal le díolúine ó scrúdú sa Ghaeilge ach atá ag déanamh staidéar ar an bhFraincis, an nGearmáinis agus an Spáinnis san ardleibhéal don tSraith Shinsearach; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [58539/22]
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is féidir liom a chur in iúl don Teachta nach bhfuil sé riachtanach do scoláire ar bith scrúdú a dhéanamh in ábhar ar bith lena n-áirítear an Ghaeilge chun pas a fháil i scrúdú.
Caithfidh gach scoláire staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge mar chroí-ábhar seachas iad siúd a bhfuil díolúine acu ó staidéar na Gaeilge.
Is mar seo a leanas a bhí líon na scoláirí sa séú bliain a raibh díolúine acu ó staidéar na Gaeilge ach a raibh staidéir á dhéanamh acu ar an bhFraincis, an Ghearmáinis agus an Spáinnis in 2021/22:
Daltaí na 6ú Bliana i 2021/22
Díolúine ó staidéar na Gaeilge 4,337
Fraincis á staidéar 2,413
Spáinnis á staidéar 1,205
Gearmáinis á staidéar 719
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
214. To ask the Minister for Education and Skills faoin méid iarratas i bhfoirm thábla do na blianta 2018/2019, 2019/2020, 2020/2021, agus 2021/2022 le haghaidh díolúine ó scrúdú sa Ghaeilge; faoin méid diúltuithe ar na hiarratais sin i bhfoirm thábla do na blianta céanna faoi dhíolúine ó scrúdú sa Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [58540/22]
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is féidir liom a chur in iúl don Teachta go mbaineann an cheist maidir le díolúintí ó staidéar na Gaeilge a dheonú le scoileanna aonair agus gur mar sin atá le blianta fada.
Mar atá leagtha amach sna ciorcláin ábhartha, ní mór do scoileanna sonraí maidir leis na díolúintí a dheonaítear a thaifeadadh ar na Bunachair Sonraí Ar Líne Bunscoile agus Iar-Bhunoideachais (POD agus PPOD).
Ní iarrann an Roinn ar scoileanna sonraí a sholáthar ar líon na n-iarratas ar dhíolúintí ó staidéar na Gaeilge a fhaightear nó a dhiúltaítear.
No comments