Written answers

Wednesday, 23 November 2022

Department of Agriculture, Food and the Marine

Calafoirt agus Céanna

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

234. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén uair a rachaidh an cead pleanála don ché dhomhainfharraige ag Calaphort Ros an Mhíl in éag; cad iad na pleananna atá ann iarratas a dhéanamh ar shíneadh ar an gcead pleanála sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [58479/22]

Photo of Charlie McConalogueCharlie McConalogue (Donegal, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bronnadh an cead pleanála reatha don ché dhomhainmhara i Ros an Mhíl i mí Aibreáin 2018. Maireann cead pleanála ar feadh 5 bliana de ghnáth. Tá roinnt forálacha reachtacha ann, áfach, lena ndéantar foráil do shíntí, go háirithe i gcúinsí ina bhfuil móroibreacha críochnaithe. Tá mo Roinn ag glacadh comhairle maidir le fad an cheada reatha agus déanfaidh sí iniúchadh ar aon síntí leis an gcead sin más gá.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.