Written answers

Tuesday, 22 November 2022

Department of Education and Skills

Scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

391. To ask the Minister for Education and Skills míniú a thabhairt ar cén fáth nár moladh ach deontas €800.70, sin timpeall €4.21 in aghaidh an lae, d’aistear 32 km treo amháin agus 32 km ar ais, i gcás (sonraí tugtha), atá i dteideal iompar scoile ó Sráid na Cathrach i gContae an Chláir go Gaelcholáiste an Chláir in Inis ach nach bhfuil seirbhís ar fáil dóibh; an nglacann sí leis nach leor an tsuim sin chun na costais iompair a íoc agus nach réitíonn an tsuim sin an fhadhb nach bhfuil seirbhís ann; agus an bhfuil aon ghníomh i gceist aici chun a chinntiú go mbeidh siad in ann freastal ar an nGaelcholáiste ar fheadh an lae scoile mar ghnáthdhaltaí. [57565/22]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is oibríocht shuntasach é Iompar Scoile atá á bhainistiú ag Bus Éireann thar ceann na Roinne Oideachais. Sa scoilbhliain reatha tá breis agus 121,400 leanbh, lena n-áirítear os cionn 15,500 leanbh a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, á n-iompar gach lá chuig bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna ar fud na tíre ar chostas os cionn €289m in 2021.

Is é cuspóir Scéim Iompar Scoile mo Roinne, ag brath ar na hacmhainní atá ar fáil, ná tacú leis na leanaí sin a bhfuil cónaí orthu i bhfad ón scoil is gaire dóibh a iompar chuig agus ón scoil.

Faoi théarmaí Scéim Iompar Iar-Bhunscoile mo Roinne, tá leanaí incháilithe le haghaidh iompair má tá cónaí orthu ar a laghad 4.8km ón iar-bhunscoil agus go bhfuil siad ag freastal ar an Scoil/Lárionad Oideachais is cóngaraí dóibh de réir mar a chinneann mo Roinn/Bus Éireann, ag cur éiteas agus teanga na scoile san áireamh.

Cuirtear áit ar fáil ar sheirbhísí iompair scoile, má bhíonn a leithéid de sheirbhísí ag feidhmiú, do leanaí atá incháilithe agus a chomhlánaíonn an próiseas iarratais in am. Do leanaí atá i dteideal iompar scoile ach nach bhfuil seirbhís ar fáil dóibh, féadtar an Deontas do Cheantar Iargúlta a thairiscint i dtreo an chostais a bhaineann le socruithe iompair phríobháidigh.

Tá gá, sula bhféadfar breathnú maidir le seirbhísí iompair scoile a bhunú nó a choinneáil, le híoslíon 10 leanbh incháilithe a bhfuil cónaí orthu i gceantar ar leith, mar a chinneann Bus Éireann, ar choinníoll gur féidir a leithéid a dhéanamh laistigh de theorainneacha costais réasúnacha.

Tá sé curtha in iúl ag Bus Éireann go bhfuarthas iarratas amháin ar iompar scoile ar 06/03/2021 don scoilbhliain 2021/22. Tá sé curtha in iúl ag Bus Éireann freisin go bhfuil an leanbh atreoraithe i dteideal iompar scoile, ach nach bhfuil aon seirbhís ar fáil ón áit a bhfuil cónaí ar an dalta seo go dtí an scoil ar a bhfuil an dalta ag freastal.

Tá an leanbh seo i dteideal deontas ceantair iargúlta ó thús na scoilbhliana 2021/22. Íoctar deontais ag deireadh na scoilbhliana, agus is é uasmhéid an liúntais laethúil atá iníoctha faoin Deontas Ceantar Iargúlta ná €5.10 in aghaidh an lae.

Bíonn deontais bunaithe ar an bhfad ón mbaile go dtí an scoil agus ríomhtar iad bunaithe ar líon na laethanta a d’fhreastail an leanbh (na leanaí) ar scoil ar bhonn teaghlaigh.

Toisc an laghdú máil ar bhreosla a d’aontaigh an Rialtas tháinig laghdú ar chostas breosla. Meastar gur é €320m an costas laghdaithe 20 cent an lítir ar pheitreal agus 15 cent an lítir ar dhíosail. Is beart náisiúnta é seo a bhfuil sé mar chuspóir aige an t-ualach airgeadais ar chonraitheoirí agus ar theaghlaigh a mhaolú ag an am seo.

Déanfar an ráta Deontais do Cheantar Iargúlta a mheas san athbhreithniú ar an Scéim Iompar Scoile. Tá an t-athbhreithniú ag tarlú ar mhaithe le hiniúchadh a dhéanamh ar an scéim reatha agus ar an gcaoi a bhfeidhmíonn sí faoi láthair, ar a héifeachtacht agus a hinbhuanaitheacht níos leithne agus an dtacaítear go leordhóthanach le soláthar seirbhísí do dhaltaí agus dá dteaghlaigh.

Cuimsíonn an t-athbhreithniú an Scéim Iompar Scoile do Leanaí a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais acu agus na Scéimeanna Iompar Bunscoile agus Iar-bhunscoile maidir leis an gcaoi a bhfeidhmíonn gach gné de na scéimeanna faoi láthair, lena n-áirítear critéir incháilitheachta, treochtaí, costais agus costais tiománaithe, agus éifeachtacht fhoriomlán a bhaint amach maidir le cuspóirí na scéimeanna. Déanfaidh an t-athbhreithniú iniúchadh freisin ar an bhféidearthacht maidir le snáitheanna éagsúla den scéim a chomhtháthú agus cur chuige níos comhordaithe le Ranna Rialtais eile a bhaineann úsáid freisin as seirbhísí iompair.

Tá breithnithe níos leithne maidir le hoibriú na scéime ag tarlú sa chéim reatha den athbhreithniú atá ar bun faoi láthair. Leanfaidh an Grúpa Stiúrtha ag tuairisciú dom ar bhonn eatramhach de réir mar a leanann an t-athbhreithniú ar aghaidh, ar mhaithe le tuarascáil deiridh a chur i láthair ina mbeidh moltaí d’fheidhmiú Scéim Iompair Scoile na Roinne amach anseo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.