Written answers

Tuesday, 22 November 2022

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Ceisteanna Craolacháin

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

261. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén dáta roimh dheireadh na bliana faoina bhfuil sí ag súil leis an tuarascáil ó Údarás Craolacháin na hÉireann maidir le seirbhís náisiúnta raidió a sholáthar do dhaoine óga, mar a bhí geallta aici ag cruinniú de chuid an Roghchoiste um Thurasóireacht, Cultúr, Ealaíona, Spórt agus Meáin ar an 25 Deireadh Fómhair 2022, agus faoi shonraí maidir le haon chruinnithe nó comhfhreagras idir a Roinn agus ÚCÉ ina leith. [57404/22]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá tuarascáil á hullmhú ag Údarás Craolacháin na hÉireann ar thionscadal taighde trí chéim a rinneadh maidir le seirbhís raidió náisiúnta trí mheán na Gaeilge do dhaoine óga a chur ar fáil. Baineann Céim 1 den taighde seo leis an nGaeilge a chur chun cinn i measc lucht éisteachta óg in Éirinn i gcoitinne, agus rinne sé fiosrú chomh maith ar réimse ábhar maidir leis an éileamh ar sheirbhís hibrideach raidió, an cineál ábhair a bheadh feiliúnach don tseirbhís sin, agus an rochtain a bheadh uirthi. Baineann an taighde i gCéim 2 le tuairimí an sprioc-lucht éisteachta a bhfuiltear ag díriú air (daoine idir 15-34 bliain d’aois a úsáideann na meáin Ghaeilge ar bhonn rialta), maidir leis an réimse céanna ábhar. Baineann an taighde i gCéim 3 leis na gnéithe teicniúla a bheadh i gceist le seirbhís raidió do chainteoirí óga Gaeilge a chraoladh go féideartha ar an gcóras FM.

Tá an buntaighde sin curtha i gcrích anois agus tá Údarás Craolacháin na hÉireann i mbun oibre chun an tuarascáil ar an taighde a chur i dtoll a chéile. Tá rún ag Údarás Craolacháin na hÉireann an tuarascáil a fhoilsiú go hoifigiúil i mí Eanáir 2023 anois.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.