Written answers

Thursday, 17 November 2022

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Coláistí Samhraidh

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

31. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cad iad na pleananna atá aici chun tacú le teaghlaigh breis tithe a chur in oiriúint lena bheith ar fáil do na coláistí samhraidh Gaeltachta. [56828/22]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ó thús na bliana seo, bhuail mé féin agus feidhmeannaigh mo Roinne cúpla uair le hionadaíocht lucht lóistín na gcoláistí Gaeilge - atá lárnach i gcóras na gcoláistí Gaeilge ar ndóigh - chomh maith le scáthghrúpa na gcoláistí samhraidh, CONCOS. Rinneadh é sin chun go mbeadh an deis againn clóisteáil uathu faoi na bealaí a bhféadfaí cabhrú tuilleadh leis an earnáil. De thoradh an phlé sin, d'fhógair mé cúig bheartas faoi leith ó bhí mí Márta ann chun cabhrú tuilleadh leis an earnáil.

I measc na mbearta sin d’fhógair mé le gairid go bhfuil iarratais á nglacadh anois ag mo Roinn ar dheontas tosaithe aon uaire ar fiú suas le sé mhíle euro (€6,000) ó theaghlaigh a chláraíonn den chéad uair chun lóistín a chur ar fáil do na coláistí Gaeilge.

Is é cuspóir an deontais ardaithe seo ná cabhrú leis na coláistí Gaeilge tuilleadh teaghlaigh cháilithe Ghaeltachta a spreagadh chun lóistín a chur ar fáil dóibh. Tá an deontas nua seo trí oiread níos mó ná an cúnamh a bhí ar fáil go dtí seo.

In éindí le costais faoi leith maidir le fearais maolaithe agus measúnú dóiteáin a bheith san áireamh chun críche an deontais seo, beidh troscán áirithe inghlactha feasta faoi chomh maith.

In éindí leis an mbeart faoi leith seo ar ndóigh níor mhiste a lua chomh maith gur ardaigh mé an ciste atá ar fáil faoin tionscnamh dar teideal DEIS Gaeltachta ó caoga míle euro (€50,000) go dtí ceithre céad míle euro (€400,000) sa chaoi is go mbeadh níos mó deiseanna ná riamh ag lucht freastail iar-bhunscoileanna DEIS na tíre chun dul chun na Gaeltachta agus freastal ar chúrsa Gaeilge. De thoradh an bhirt sin d'fhreastail breis agus ceithre céad scoláire de chuid na scoileanna sin ar an nGaeltacht i mbliana.

Nuair a chuirtear na bearta sin san áireamh in éindí leis na harduithe ar fiú fiche fán gcéad (20%) iad a d’fhógair mé cheana féin ar an deontas a íoctar le lucht lóistín an chórais faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge de chuid mo Roinne, fágfaidh sé go mbeidh cistíocht ar fiú ós cionn cúig mhilliún euro (€5m) á cur ar fáil ar leas na gcoláistí Gaeilge i 2023.

I bhfianaise é seo ar fad, táim sásta go bhfuil mo Roinn tar éis beart a dhéanamh de réir ár mbriathair ar son na gcoláistí Gaeilge ar bhealach a thagann go dlúth leis an ngealltanas ábhartha i leith na gcoláistí Gaeilge atá déanta sa Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.