Written answers

Thursday, 17 November 2022

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Údarás na Gaeltachta

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

59. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht maidir le Ceist Phairliminte 47573/22 cén dul chun cinn atá déanta maidir leis an tríú gné den obair athbhreithniúcháin atá idir lámha ag Údarás na Gaeltachta maidir leis na córais agus maidir leis an gcur chuige atá i ngníomh ag an Údarás faoi láthair chun tacú le cur chun cinn na Gaeilge sna cliantchuideachtaí agus ar na bealaí ina ndéantar an t-ábhar a bhaineann leo a riaradh. [56942/22]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar uasdátú don Teachta, is féidir liom a dheimhniú go bhfuil an suirbhé a bhí beartaithe ag Údarás na Gaeltachta a dhéanamh ar a chliantchuideachtaí á dhéanamh i láthair na huaire ag an eagraíocht. Dáileadh ceistneoir le gairid chuig gach cuideachta agus tá iarrachtaí déanta agus á ndéanamh leis na fostóirí agus na fostaithe a spreagadh le heolas agus tuairimí a roinnt maidir lena riachtanais teanga agus na tacaíochtaí a bheadh úsáideach dóibh, bíodh sé sa láthair oibre nó sa phobal ina bhfuil siad lonnaithe.

Tuigtear dom ón Údarás go dtiocfaidh deireadh leis an gcomhairliúcháin seo ar 18 Samhain - tráth a ndéanfar anailís ar thorthaí an tsuirbhé i dtreo an t-aiseolas a bhailítear a úsáid mar bhunús plean gnímh le gur féidir leis an Údarás tacú lena gcliantchuideachtaí an Ghaeilge a chur chun cinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.