Written answers

Thursday, 17 November 2022

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Coláistí Samhraidh

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

52. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht soiléiriú a thabhairt ar stádas An tAthbhreithniú ar chás na gcoláistí samhraidh; cathain a chríochnófar An tAthbhreithniú; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [56944/22]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an cheist trí chéile maidir le bunú a leithéid de ghrúpa oibre á breithniú ag mo Roinn faoi láthair. Ar mhaithe le haghaidh láithreach a thabhairt ar na bealaí a bhféadfaí tacú tuilleadh le hearnáil na gColáistí Gaeilge, cheadaigh mé roinnt beartas faoi leith i mbliana.

De thoradh na mbearta sin:

- tá ardú ar fiú 20% curtha leis an deontas a íoctar faoi Scéim na bhFoghlaimeoírí Gaeilge le teaghlaigh a choinníonn scoláirí;

- tá cistíocht ar fiú €400,000 curtha ar fáil le deiseanna breise a sholáthar do lucht freastail iar-bhunscoileanna DEIS seal freastal a dhéanamh ar chúrsa Gaeilge sa Ghaeltacht; agus

- tá ardú 300% ceadaithe don deontas tosaithe aon uaire atá iníochta le teaghlaigh nua a chláraíonn den chéad uair faoin scéim.

Táim sásta go n-imreoidh na bearta éagsúla seo tionchar dearfach ar an earnáil sa bhliain amach romhainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.