Written answers

Thursday, 10 November 2022

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Scéimeanna Rannach

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

226. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé na deontais nua nó meadaithe atá ar fáil do theaghlaigh a choinníonn scoláirí faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge i mbliana agus i 2023 [55915/22]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

D’fhógair mé le gairid go bhfuil iarratais á nglacadh anois ag mo Roinn ar dheontas tosaithe aon uaire ar fiú suas le €6,000 ó theaghlaigh a chláraíonn den chéad uair chun lóistín a chur ar fáil do chóras na gcoláistí Gaeilge.  In éindí leis an dara ardú in imeacht bliana ar an deontas a íocann mo Roinn le lucht lóistín an chórais faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge de chuid na Roinne, d'fhógair me an beartas faoi leith seo le gairid mar thaca breise do chóras na gcoláistí Gaeilge.   Is é cuspóir an deontais ardaithe seo - ar fiú suas le €6,000 é nó 80% den chostas inghlactha cibé acu is lú - tuilleadh teaghlaigh cháilithe Ghaeltachta a spreagadh chun lóistín a chur ar fáil do lucht freastail na gcoláistí Gaeilge.

In éindí le costais faoi leith maidir le fearais maolaithe agus measúnú dóiteáin a bheith san áireamh chun críche deontais, beidh troscán áirithe inghlactha feasta faoi. 

Ní call dom a rá gur cúis áthais dom go bhfuil iarratais á nglacadh anois ag an Roinn ar an deontas ardaithe seo atá trí oiread níos mó ná mar a bhí sé. De thoradh seo agus n-arduithe ar fiú 20% iad a d’fhógair mé cheana ar an deontas a íoctar le lucht lóistín an chórais faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge de chuid na Roinne, táim sásta go bhfuil mo Roinn ag cabhrú go suntasach le bonn níos láidre fós a chur faoi earnáil na gcoláistí Gaeilge.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

227. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil i gceist aici scéim a bhunú le teaghlaigh gurab í an Ghaeilge a dteanga baile a mhealladh go dtí an Ghaeltacht [55916/22]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl sé beartaithe ag mo Roinn a leithéid de scéim atá luaite ag an Teachta a bhunú. É sin ráite leanfaidh an Roinn, Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus eagraíochtaí éagsúla Gaeltachta agus Gaeilge a fhaigheann cúnamh ón státchiste ag cur chun feidhme an raon leathan scéimeanna, bearta, cláir agus tacaíochtaí atá idir lámha cheana féin chun cúram a dhéanamh de chur chun cinn na Gaeltachta mar fhearann dúchais na teanga.

Tugtar spléachadh faoina bhfuil ar bun agus beartaithe maidir leis seo uile sa tríú tuairisc bhliaintúil (2021) ar fheidhmiú Phlean Gníomhaíochta an Rialtais don Ghaeilge  - a foilsíodh ar 3 Samhain 2022.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.