Written answers
Wednesday, 9 November 2022
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Coláistí Samhraidh
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
52. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén uair a chuirfear an grúpa oibre ar bun le scrúdú a dhéanamh ar fhorbairt agus todhchaí na gColáistí Gaeilge; an t-amscála a bhainfidh leis an athbhreithniú; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [55818/22]
Jack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá an cheist trí chéile maidir le bunú a leithéid de ghrúpa oibre á breithniú ag mo Roinn faoi láthair. Ar mhaithe le haghaidh láithreach a thabhairt ar na bealaí a bhféadfaí tacú tuilleadh le hearnáil na gColáistí Gaeilge, cheadaigh mé roinnt beartas faoi leith i mbliana.
De thoradh na mbearta sin:
- tá ardú ar fiú 20% curtha leis an deontas a íoctar faoi Scéim na bhFoghlaimeoírí Gaeilge le teaghlaigh a choinníonn scoláirí;
- tá cistíocht ar fiú €400,000 curtha ar fáil le deiseanna breise a sholáthar do lucht freastail iar-bhunscoileanna DEIS seal freastal a dhéanamh ar chúrsa Gaeilge sa Ghaeltacht; agus
- tá ardú 300% ceadaithe don deontas tosaithe aon uaire atá iníochta le teaghlaigh nua a chláraíonn den chéad uair faoin scéim.
Táim sásta go n-imreoidh na bearta éagsúla seo tionchar dearfach ar an earnáil sa bhliain amach romhainn.
No comments