Written answers

Wednesday, 9 November 2022

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Coláistí Samhraidh

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

50. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht Chun an bhfuil i gceist aici deontas bliantúil a chur ar fáil leis na barr-chostais a chlúdach i gcomhair ionaid atá in úsáid mar choláistí Gaeilge de bharr na mbarr-chostasí mór a bhaineann lena leithéid anois; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [55792/22]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirtear idir chúnamh caipitil agus reatha ar fáil faoi Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga mo Roinne chun cabhrú le forbairt bhonneagar pobail agus teanga na Gaeltachta mar chuid d'fhorfheidhmiú an phróisis pleanála teanga.

Faoi chiste caipitil an chláir sin cuireann an Roinn tacaíocht airgid ar fáil do phobail áitiúla chun áiseanna pobail agus caitheamh aimsire a fhorbairt. Chun dul i ngleic leis na dúshláin faoi leith a bhain le COVID-19 beidh a fhios ag an Teachta gur bhunaigh mo Roinn ciste aon uaire do 2021 amháin chun cabhrú le hionaid phobail Ghaeltachta faoi leith a bhí ar an bhfaraor géar de thoradh coláistí Gaeilge a bheith dúnta go sealadach ag an tráth sin.

Os rud é go raibh na coláistí samhraidh ag feidhmiú arís i mbliana, níl i gceist aon chiste faoi leith den chineál sin a bhunú ag an tráth seo.

É sin ráite, is féidir a bheith cinnte go leanfaidh mo Roinn ag cabhrú mar is cuí le cúnamh caipitil a chur ar fáil faoin gclár ar leas an bhonneagair sin agus ar leas foriomlán na Gaeilge sa Ghaeltacht, dá réir. 

Tugtar léargas níos cuimsithí, ar ndóigh, ar an obair fhónta atá idir lámha faoi scáth an chláir thuasluaite  - agus cláir eile go deimhin - sa tríú tuairisc bhliantúil ar fheidhmiú Plean Gníomhaíochta an Rialtais don Ghaeilge a foilsíodh le gairid.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.