Written answers
Wednesday, 12 October 2022
Department of Education and Skills
Scéimeanna Rannach
Mairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
84. To ask the Minister for Education and Skills cén uair a thabharfar cead do scoil (sonraí curtha ar fáil) chun conraitheoir a fhostú faoin Scéim um Chóiríocht Bhreise; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [50435/22]
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Rinneadh athbhreithniú ar an tuarascáil tairisceana don tionscadal seo sa Roinn. Bhí an t-athbhreithniú ar an tuarascáil seo casta mar gur iarr an scoil go gcuirfí isteach tairiscintí roinnt míonna sular údaraíodh an cead chun leanúint ar aghaidh.
Tá an Roinn ag breathnú ar na castachtaí sin a réiteach chomh tapa agus is féidir. I dtaca leis seo, rinneadh teagmháil leis an scoil agus tá dul chun cinn an tionscadail ag brath faoi láthair ar fhreagra ó údarás na scoile.
No comments