Written answers

Thursday, 6 October 2022

Department of Justice and Equality

Seirbhísí trí Ghaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

329. To ask the Tánaiste and Minister for Justice and Equality cé na céimeanna atá curtha i bhfeidhm chun a chinntiú go bhfuil dóthain Gaeilge ag breithiúna, atá á gceapadh faoi alt 44 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924, lena gcuid gnóthaí a dhéanamh trí Ghaeilge; na córais measúnaithe Gaeilge a úsáidtear chuige sin mar chuid den phróiseas ceapacháin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [49328/22]

Photo of Helen McEnteeHelen McEntee (Meath East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, faoi fhorálacha an Achta um Sheirbhís Chúirteanna, 1998, is í an tSeirbhís Chúirteanna – atá neamhspleách ag feidhmiú a feidhmeanna di – atá freagrach as bainistiú na gcúirteanna. Ina theannta sin, is ábhair a bhaineann go hiomlán le hUachtaráin na gCúirteanna agus leis na breithiúna ceannais – atá, faoin mBunreacht, neamhspleách ag feidhmiú a bhfeidhmeanna breithiúnacha dóibh – iad cásanna cúirte aonair a sceidealú agus gnó cúirte a leithroinnt.

Tá an Rialtas tiomnaithe d’acmhainní leordhóthanacha a chinntiú do na cúirteanna chun rochtain ar an gceartas a choinneáil do na saoránaigh go léir, lena n-áirítear na daoine ar mian leo go ndéanfaí imeachtaí a stiúradh trí Ghaeilge. Á chur sin san áireamh, féachann an Rialtas le folúntais bhreithiúnacha a líonadh chomh luath agus is féidir, agus lena chinntiú go leanfaidh ár gcúirteanna de bheith ag oibriú chomh héifeachtach éifeachtúil agus is féidir.

Déanann an tUachtarán, ag gníomhú dó nó di ar chomhairle an Rialtais, ceapacháin bhreithiúnacha de réir Airteagail 13.9 agus 35.1 den Bhunreacht. Is é an Bord Comhairleach um Cheapacháin Bhreithiúnacha an comhlacht a bhfuil curtha de chúram air iarrthóirí cuí a mholadh lena gceapadh. Tuigtear dom go lorgaítear faisnéis maidir le hinniúlacht iarratasóra sa Ghaeilge, i measc scileanna eile, ar fhoirm iarratais an Bhoird.

I mí Aibreáin, d’fhoilsigh mé an Bille fá Choimisiún um Cheapacháin Bhreithiúnacha, agus táim tiomnaithe dá achtú i mbliana. Gabhfaidh an Coimisiún ionad an Bhoird. Molfaidh an Coimisiún – ar a mbeidh an líon céanna d’ionadaithe tuata agus d’ionadaithe breithiúnacha – iarrthóirí lena gceapadh ina mbreithiúna ag an Aire. Ceanglófar ar dhaoine ar mian leo go ndéanfaí iad a bhreithniú i dtaca lena gceapadh chuig oifig bhreithiúnach, lena n-áirítear breithiúna a bheidh ag fónamh, iarratas a dhéanamh chun an Choimisiúin – is athrú é sin ar an gcleachtas reatha. Foráiltear leis an mBille, freisin, go mbeidh ar na hiarrthóirí go léir bheith tar éis dul faoi agallamh sula ndéanfar iad a mholadh don Aire Dlí agus Cirt.

Is ar bhonn fiúntais a bheidh na moltaí ón gCoimisiún. Rachaidh iarrthóirí rathúla ar aghaidh lena gceapadh ag an Uachtarán, ar chomhairle an Rialtais, mar a cheanglaítear faoi Bhunreacht na hÉireann. Tá foráil eile ann go dtabharfar aird i gceanglais i leith ceapacháin bhreithiúnaigh ar an ngá go rachadh iarrthóirí faoi oiliúint bhreithiúnach nó forbairt ghairmiúil leanúnach.

Leis an mBille fá Choimisiún um Cheapacháin Bhreithiúnacha déantar socrú, i ndáil le hoifig bhreithiúnach sa Stát, maidir le cuspóirí atá faoi réir na forála maidir le fiúntas. Foráiltear leis an mBille go gcuirfear san áireamh, a mhéid is féidir agus is indéanta, gur ceart leorlíon breithiúna le hinniúlacht sa Ghaeilge a bheith ar áireamh i gcomhaltas na mbreithiúna i ngach cúirt chun freastal ar riachtanais úsáideoirí gach cúirte – ar riachtanais iad a bheidh arna sainaithint ag an gCoimisiún – i leith imeachtaí a bheith á stiúradh sa Ghaeilge.

Foráiltear le hAlt 44 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924, gur ceart, sa mhéid gur féidir é, breitheamh a shanntar do Chuaird ina bhfuil limistéar Gaeltachta a bheith inniúil sa Ghaeilge. Cuirtear na forálacha sin san áireamh sa phróiseas breithnithe maidir leis na folúntais iomchuí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.