Written answers

Thursday, 29 September 2022

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Pleanáil Teanga

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

43. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht maidir le Ceist Pharlaiminte Uimhir 25 den 21 Meitheamh 2022, an ndearbhóidh sí go bhfuil oifigeach pleanála teanga ceaptha i mBearna agus Cnoc na Cathrach; an ndéanfaidh sí soiléiriú a thabhairt ar stádas chur i bhfeidhm Phlean Teanga Bhearna agus Chnoc na Cathrach; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [47572/22]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Faoi mar a chur mé in iúl roimhe seo i gCeist Pharlaiminte 32232/22 , rinne mé plean teanga an Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta: Bearna agus Cnoc na Cathrach a fhaomhadh faoin bpróiseas pleanála teanga i mí Bealtaine 2021.

I mí Meithimh na bliana seo, d’fhógair Údarás na Gaeltachta go rabhthas ag lorg áisitheora chun tacú leis an eagraíocht an próiseas pleanála teanga a thabhairt céim chun cinn sa LPT seo.

Tuigtear don Roinn ó Údarás na Gaeltachta, atá freagrach as feidhmiú an phróisis ar an talamh sa Ghaeltacht, gur cheapadh duine i mí Iúil chun seirbhísí áisitheoireachta, meantóireachta agus comhairleoireachta a chur ar fáil d’ionadaithe Choiste Pleanála Teanga Bhearna agus Chnoc na Cathrach le cuidiú le baill an choiste an pobal a mhealladh agus a spreagadh le bheith páirteach sa bpróiseas pleanála teanga agus le tacú leo struchtúr foirmiúil a bhunú leis an bplean teanga atá ceadaithe don limistéar a fheidhmiú.

Tuigtear freisin go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag súil go bhféadfar struchtúr foirmeálta a bhunú sa Limistéar Pleanála Teanga agus post d’Oifigeach Pleanála Teanga a fhógairt roimh dheireadh na bliana seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.