Written answers

Thursday, 29 September 2022

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Maoiniú d'Eagrais Ghaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

37. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé na céimeanna atá glactha aici chun cloí le cás maoinithe amharclann agus chomplacht náisiúnta drámaíochta na Gaeilge, An Taibhdhearc, chun a ról a chaomhnú agus a fhorbairt; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [47285/22]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Eagraíocht chultúrtha thábhachtach is ea an Taibhdhearc, ní hamháin do phobal na Gaeilge agus do chreatlach chultúrtha Chathair na Gaillimhe, ach freisin don earnáil taibhealaíon ós rud é gur sa Taibhdhearc a fhaigheann mórán aisteoirí agus ball foirne léiriúcháin a dtaithí thosaigh sula mbogann siad ar aghaidh chun deiseanna eile a fháil san earnáil taibhealaíon. Tuigtear dom gur mian leis an Taibhdhearc glúin úr aisteoirí agus baill foirne léiriúcháin a mhealladh trí fhorbairt a dhéanamh ar rannpháirtíocht na hóige leis an drámaíocht.

Aithníonn mo Roinn an tábhacht atá le hinmharthanacht na Taibhdheirce agus le struchtúr sásúil maoinithe a bheith i bhfeidhm chun dea-reáchtáil na hamharclainne a chinntiú ar mhaithe le hearnáil bhisiúil amharclannaíochta inár dteanga náisiúnta.

Cuireann mo Roinn maoiniú bliantúil €320,000 ar fáil don Taibhdhearc agus rachaidh an comhaontú trí bliana reatha in éag in 2023. Tosaíocht don Rialtas sa Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge, 2018-2022 is ea an maoiniú ilbhliantúil sin.

Tá oifigigh mo Roinne i mbun plé le Bord na Taibhdheirce le roinnt míonna anuas maidir leis na féidearthachtaí i dtaobh maoiniú don amharclann sna blianta seo romhainn, lena n-áirítear ó fhoinsí eile maoinithe. Agus an plé seo críochnaithe, déanfar cinneadh maidir maoiniú na heagraíochta do na blianta amach romhainn.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

38. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé na céimeanna atá glactha aici maidir leis an ngá atá ann maoiniú óna Roinn a chur ar fáil chun stáisiún raidió don aos óg a chur á craoladh ar bhonn buan, go luath agus go náisiúnta. [47288/22]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ó 2009 i leith, tá maoiniú á thabhairt ag mo Roinn do Raidió Rí-Rá, stáisiún raidió do dhaoine óga trí mheán na Gaeilge, a chraolann ar an idirlíon agus ar aipeanna fóin póca. Faoin gcomhaontú deontais reatha, tá €119,000 ceadaithe do Raidió Rí-Rá in 2022 agus €109,000 in 2023. Chomh maith leis sin, thug mo Roinn maoiniú caipitil €47,772 don stáisiún in 2020 chun uasghráduithe a dhéanamh ar spás stiúideo an stáisiúin.

Ar iarratas ó mo Roinn, tá Údarás Craolacháin na hÉireann ag tabhairt faoi thionscadal taighde trí chéim faoi láthair a bhaineann le seirbhís raidió trí Ghaeilge do dhaoine óga a chur ar fáil. Baineann Céim 1 den taighde seo leis an nGaeilge a chur chun cinn i measc lucht éisteachta óg in Éirinn i gcoitinne, agus scrúdófar chomh maith réimse ábhar maidir leis an éileamh ar sheirbhís hibrideach raidió, an cineál ábhair a bheadh feiliúnach don tseirbhís sin, agus an rochtain a bheadh uirthi. Baineann an taighde i gCéim 2 le tuairimí an sprioc-lucht éisteachta a bhfuiltear ag díriú air (daoine idir 15-34 bliain d’aois a úsáideann na meáin Ghaeilge ar bhonn rialta) maidir leis an réimse céanna ábhar. Baineann an taighde i gCéim 3 leis na gnéithe teicniúla a bheadh i gceist dá mbeadh seirbhís raidió do chainteoirí óga Gaeilge le craoladh ar an gcóras FM.

Táthar ag súil le tuairisc ar thorthaí an taighde seo faoi dheireadh na bliana. Beidh an tuairisc seo ina bonn eolais faoi aon chinneadh a bhaineann le seirbhís ar FM a bhunú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.