Written answers

Thursday, 29 September 2022

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Cruinnithe an Aire

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

27. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé i gceist aici turas a thabhairt ar cheantair Charn Tóchair i gContae Dhoire mar fhreagairt ar chuireadh ón gcomharchumann áitiúil chun an obair atá déanta acu maidir le hathbhunú ceantar Gaeltachta i gceantair thuaithe a aithint. [47287/22]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is mian liom a dheimhniú don Teachta go raibh feidhmeannaigh mo Roinne i dteagmháil leis an gcomharchumann i gCarn Tóchair maidir leis an gcuireadh a thug siad dom agus bhí sé i gceist agam turas a thabhairt ar an gceantar le linn dom a bheith san iarthuaisceart ag tús na míosa seo. Faraor, ní raibh an dáta sin oiriúnach don ghrúpa agus b'éigean dom an chuid sin den turas a chur ar athló, dá bharr.

Cé nach bhfuil dáta nua deimhnithe go fóill, bhí oifigigh mo Roinne i dteagmháil leis an gcomharchumann arís an tseachtain seo caite le deimhniú dóibh go bhfuil sé go fóill ar intinn agam cuairt a thabhairt ar phobal Charn Tóchair chomh luath agus is féidir liom.

Tuigtear dom obair mhór a bheith déanta ag pobal Charn Tóchair le tríocha bliain anuas agus gur ceannródaithe iad ó thaobh na Gaeilge de ag gach leibhéal i measc an phobail. Léiríonn an dul chun cinn atá déanta ag pobal Charn Tóchair an tábhacht a bhaineann leis an bpleanáil teanga, mar go bhfuil sé i bhfeidhm acu ansin le fada an lá. Tá aitheantas bainte amach acu go náisiúnta thar na blianta le gradaim Ghlór na nGael agus tá an ceantar aitheanta chomh maith mar Líonra Gaeilge ag Foras na Gaeilge.

Is cúis áthais dom an fhorbairt ar fad atá déanta ag pobal Charn Tóchair chun Gaelphobal a bhunú agus a bhuanú. Tá maoiniú á chur ar fáil don Líonra trí Fhoras na Gaeilge  agus maoiniú eile tríd an gcomhaontú New Decade, New Approach faoi láthair.  Tuigim go bhfuil Oifigeach Pleanála Teanga fostaithe agus i mbun oibre ó mhí an Mheithimh le Plean Teanga an phobail a chur i bhfeidhm. Leanfaidh mo Roinn ag tabhairt tacaíochta d'fhorbairt na Gaeilge i measc pobail mar phobal Charn Tóchair agus ar fud an oileáin trí Fhoras na Gaeilge agus trí scéimeanna eile de cuid mo Roinne.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.