Written answers

Thursday, 29 September 2022

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Oifigí Roinne

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

25. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht maidir le Ceist Pharlaiminte Uimhir 5 den 21 Meitheamh 2022, cad é stádas an ghrúpa idir-rannaigh atá ag obair chun cúrsaí pleanála i gceantair Ghaeltachta a chur chun cinn; cad é líon na n-uaireanta a bhuail an grúpa idir-rannach le chéile go dtí seo; an fhoilseofar na miontuairiscí; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [47576/22]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar a chuir mé in iúl i gCeist Dála 32569/22, is ar an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta atá an fhreagracht maidir leis an Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 - faoina dtagann gnóthaí i ndáil le cúrsaí pleanála agus tithíochta sa Ghaeltacht. 

Faoi réir alt 10(2)m den Acht Um Pleanáil agus Forbairt 2000 is gá go ndéanfadh plean forbartha cúram do chosaint oidhreacht teanga agus cultúrtha na Gaeltachta lena n-áirítear an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga an phobail, i gcás ina mbeidh limistéar Gaeltachta i limistéar an phlean forbartha.  

Tá mo Roinn, an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúla agus Oidhreachta agus Údarás na Gaeltachta ag glacadh páirt i ngrúpa oibre idir-rannach faoi láthair ar mhaithe le ceist na Gaeilge sa phróiseas pleanála a phlé agus chun cúrsaí pleanála i gceantair Ghaeltachta a chur chun cinn.

Is ceann de na príomhaidhmeanna atá ag an ngrúpa idir-rannach ná córais a chur i bhfeidhm, de réir mar is cuí, chun cur chuige éifeachtach agus comhsheasmhach a chothú do na hÚdaráis Áitiúla mar a bhaineann sé leis an gcóras pleanála sa Ghaeltacht a bhainistiú.

Tá an grúpa idir-rannach ag scrúdú conas a d’fhéadfaí cleachtais reatha maidir le cur i bhfeidhm na bhforálacha seo a neartú ar mhaithe le leas iomlán na Gaeilge sa Ghaeltacht agus ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe agus polasaí pleanála cuí a bheith i bhfeidhm sa Ghaeltacht.

Tá sé i gceist go ndéanfar leis an bpolasaí seo soiléiriú agus treoir a chur ar fáil maidir le conas gur fearr comhsheasmhacht agus cothromaíocht an córas pleanála a fheabhsú, stádas na Gaeilge a chosaint sa Ghaeltacht agus cúnamh a sholáthar do na hÚdaráis Áitiúla ábhartha.

Tionóladh an cruinniú is déanaí den ghrúpa idir-rannach ar 25 Iúil 2022. San iomlán, tháinig na Ranna agus an tÚdarás le chéile 7 n-uaire ó mhí Feabhra 2021. Mar thaca don phróiseas chomh maith, bhí cruinniú déthaobhach idir an Roinn seo agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúla agus Oidhreachta ar líne cúpla lá ó shin ar an 26 Meán Fómhair 2022. Chun leanúint le dlús a chur leis an obair, tá beartaithe go dtiocfaidh an grúpa oibre idir-rannach le chéile arís ina iomláine sna seachtainí amach romhainn, i mí Dheireadh Fómhair 2022.

Déantar miontuairiscí a ghlacadh ag na cruinnithe seo go hiondúil ach níl i gceist iad a fhoilsiú ag an bpointe seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.