Written answers

Thursday, 29 September 2022

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Photo of Marc Ó CathasaighMarc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

19. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht conas a thacóidh sí leis an ngealltanas in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 go mbeidh Gaeilge ag 20% d’fhostaithe nua na seirbhíse poiblí chun a chinntiú go gcuirfear seirbhísí ar fáil i nGaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [47578/22]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) fiche, fiche haon (2021) ag deireadh na bliana seo caite. Ba thoradh é seo ar phríomhghealltanas Chlár an Rialtais agus ba bheart tráthúil agus suntasach é i gcomhthéacs an stádas atá bainte amach ag an nGaeilge mar theanga iomlán oifigiúil agus oibre de chuid Institiúidí an Aontais Eorpaigh ó mhí Eanáir.

Mar a luaigh mé cheana, is cur chuige tras-Rialtais atá de dhíth chun an cuspóir de fiche faoin gcéad (20%) d'earcaigh chuig an earnáil phoiblí a bheith inniúil sa Ghaeilge a bhaint amach faoi fiche, tríocha (2030).

Sa chomhthéacs sin, tá roinnt céimeanna tábhachtacha tógtha cheana féin chun a chinntiú go mbaintear amach an sprioc uaillmhianach seo.

Rinne an tAire Martin agus mé féin an Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge a bhunú níos luaithe i mbliana, ar an 20 Meitheamh 2022, ag teacht leis an spriocdháta a leagadh síos ina leith san Acht. Tá réimse leathan páirtithe leasmhara clúdaithe leis na heagraíochtaí agus na comhaltaí atá roghnaithe le bheith ar an gcoiste, an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ina measc. Is é Stiúrthóir na Gaeilge ó mo Roinnse cathaoirleach an choiste.

I dtaca le feidhmeanna an choiste agus an Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Gaeilge atá le hullmhú acu faoin 19 Meitheamh 2024, rinne mé próiseas soláthair phoiblí iomaíoch a fhógairt ar 31 Lúnasa 2022 maidir leis an taighde a bheidh de dhíth ina leith. Tá cistiú de trí chéad fiche cúig míle cúig chéad euro (€325,500) curtha ar fáil agam don tionscadal seo agus is conradh bliana a bheidh i gceist chun a chinntiú go gcloínn an Coiste leis an spriocdháta uaillmhianach atá leagtha síos faoin Acht d’ullmhú an Phlean ina iomláine. Is í an Aoine bheag seo an spriocdháta atá le tairiscintí a bheith istigh. Déanfar toradh an phróisis soláthair a fhógairt trí phreasráiteas agus é críochnaithe amach.

Tá roinnt bearta eile ar na bacáin agus comhráití déthaobhacha tosaithe chomh maith leis na páirtithe leasmhara cuí chun a chinntiú go mbainfear an sprioc de fiche fán gcéad amach. San áireamh anseo, tá: m.sh.

- Feasacht a chruthú faoi na deiseanna le Gaeilg san earnáil phoiblí;

- Tacú tuilleadh le foghlaimeoirí Gaeilge atá sa státchóras agus san earnáil phoiblí cheana féin;

- Tionscnamh féideartha agus nuálach á fhiosrú le Ranna Stáit eile chun sineirge a aithint.

Anuas air seo uilig, chun na tionscadail seo a bhaint amach agus a fhorbairt a thuilleadh d’fhonn an gealltanas atá luaite ag an Teachta a chomhlíonadh, tá acmhainní foirne breise faighte agam do mo Roinn chomh maith le milliún euro (€1m) de mhaoiniú reatha breise i mbuiséad fiche, fiche trí (2023). Idir é seo uilig, táim an-dóchasach gur féidir an sprioc seo a bhaint amach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.