Written answers

Thursday, 29 September 2022

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Seirbhísí trí Ghaeilge

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

53. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht conas a chinnteoidh sí go mbeidh Coimisiún nua na Meán ábalta plé leis na meáin Ghaeilge trí Ghaeilge agus riachtanais phobal na Gaeilge a thabhairt chun cinn. [47535/22]

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mé den tuairim láidir go bhfuil gá le tuilleadh aitheantais a thabhairt do thábhacht theanga náisiúnta na tíre i leith chultúr agus fhéiniúlacht na hÉireann ar fud na hearnála craolacháin agus meán cumarsáide. Ní mór d’ábhar meán cumarsáide Gaeilge a bheith le feiceáil agus ionchuimsitheach agus ní mór teacht a bheith ag gach aoisghrúpa air.

Leis an mBille um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán, 2022, díscaoilfear Údarás Craolacháin na hÉireann, déanfar an Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc (arna leasú) a thrasuí, déanfar foráil do chreat rialála cothrom le dáta do sheirbhísí craolacháin agus do sheirbhísí meán closamhairc ar éileamh, agus bunófar creat nua rialála do shábháilteacht ar líne, nuair a achtófar e agus a chuirfear tús leis.

Leis an mBille, bunófar Rialtóir nua neamhspleách, Coimisiún na Meán, chun maoirseacht a dhéanamh ar na creata rialála agus chun iad a chur i bhfeidhm agus chun ról tábhachtach a bheith aige in earnáil na meán níos leithne a fhorbairt agus a mhaoiniú.

I gcomhar le comhlachtaí eile, beidh ról láidir ag an gCoimisiún i dtacú leis an nGaeilge i seirbhísí meán cumarsáide. In Alt 7 den Bhille um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meánleagtar amach roinnt feidhmeanna reachtúla do Choimisiún na Meán maidir leis an nGaeilge. Faoi alt 7, beidh oibleagáid ar an gCoimisiún úsáid na Gaeilge a chur chun cinn agus a ghríosú tríd na meáin chumarsáide a fheidhmíonn sa Stát, i dteannta le forbairt clár i nGaeilge a chur chun cinn agus a spreagadh.

Ina theannta sin, foráiltear in alt 53 den Bhille go n-úsáidfear 25% d’fháltais tobhaigh chun ábhar a léiriú a fhéadfaidh Coimisiún na Meán a thabhairt isteach chun léiriú ábhair Gaeilge a mhaoiniú.

Beidh ceathrar Coimisinéirí i gceannas ar Choimisiún na Meán i dtosach báire, lena n-áirítear Coimisinéir um Fhorbairt na Meán. Tá an próiseas earcaíochta le haghaidh an Choimisinéara um Fhorbairt na Meán ar bun, a fógraíodh an post an 29 Iúil. Meastar go mbeidh príomhfhreagracht ar an gCoimisinéir um Fhorbairt na Meán maidir le cur chun feidhme fheidhmeanna na Gaeilge a leagtar amach sa Bhille agus maidir le cur chun feidhme na moltaí a bhaineann leis an nGaeilge ó Thuarascáil Choimisiún um Thodhchaí na Meán, lena n-áirítear maoirseacht a dhéanamh ar athbhreithniú cuimsitheach ar sheirbhísí Gaeilge a chur ar fáil ar fud chóras na meán.

Maidir le cumas Choimisiún na Meán teagmháil a dhéanamh leis na meáin chumarsáide Ghaeilge agus leis an bpobal trí Ghaeilge, measfar gur comhlacht poiblí é an Coimisiún faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021. Leis an Acht, cuirtear oibleagáidí feabhsaithe ar chomhlachtaí poiblí chun seirbhísí agus cumarsáid trí Ghaeilge a chur ar fáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.