Written answers

Thursday, 29 September 2022

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Oifigí Roinne

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

49. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht maidir le Ceist Pharlaiminte 71 den 20 Eanáir 2022, an ndéanfaidh sí soiléiriú a thabhairt ar stádas an ghrúpa oibre a bunaíodh mar thoradh ar thaighde a rinneadh do Thuismitheoirí na Gaeltachta; cad é líon na n-uaireanta a bhuail an grúpa oibre le chéile go dtí seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [47575/22]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar mhaithe le tuilleadh comhoibrithe, comhthuisceana agus comhpháirtíochta a chothú i measc páirtithe leasmhara a bhfuil baint acu le seachadadh tacaíochtaí do theaghlaigh Ghaeltachta atá, nó ar mhian leo a gclann a thógáil le Gaeilge, beidh a fhios ag an Teachta gur bhunaigh mo Roinn grúpa oibre le gairid. Tionóladh an chéad chruinniú den ghrúpa ar an 19 Iúil 2022 in oifigí mo Roinne.  Beidh an grúpa oibre ag teacht le chéile arís go luath don dara chruinniú. 

Tá an grúpa - atá faoi chathaoirleacht na Roinne - comhdhéanta d'ionadaíocht ón eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta, ó Chomhar Naíonraí na Gaeltachta, na hoifigeach pleanála teanga agus Údarás na Gaeltachta. Beifear in ann cuireadh chun freastal ar chruinniú a thabhairt do pháirtithe leasmhara eile amach anseo, más gá.

Aithnítear gur taca é bunú an ghrúpa seo d'fheidhmiú bisiúil foriomlán an phróisis pleanála teanga sa Ghaeltacht. 

Ar bhonn níos leithne, níor mhiste a nótáil gur ceadaíodh allúntas suas le €1.6m thar an tréimhse 2021 go 2023 do Thuismitheoirí na Gaeltachta anuraidh. Tagann an ciste ardaithe seo sna sála ar an gciste €1.03m a cuireadh ar fáil don eagraíocht don tréimhse dhá bhliain go leith roimhe seo chun clár comhaontaithe ar leas teaghlaigh Ghaeltachta a fheidhmiú.  Anuas air sin, bhí ar mo chumas tacaíocht bhreise a cheadú don eagraíocht i mí Iúil na bliana seo chun go mbeidh siad in ann an Pacáiste Tacaíochta Teaghlaigh atá á riar acu thar ceann na Roinne a bhainistiú agus a fhorbairt. Mar chuid den allúntas breise sin, tá soláthar ann chun oifigeach breise a fhostú san eagraíocht chun dáileadh a dhéanamh ar an bpacáiste. 

Is féidir leis an Teachta a bheith cinnte de go leanfaidh mé orm, fad mo chumais, chun tacú leis an obair seo uile mar chuid d'fheidhmiú leanúnach Phlean Gníomhaíochta an Rialtais don Ghaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.