Written answers

Wednesday, 28 September 2022

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Seirbhísí agus Tacaíochtaí Gaeilge

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

132. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén dul chun cinn atá déanta ó thaobh na moltaí sa tuarascáil Taighde do Thuismitheoirí na Gaeltachta “Staidéar ar theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge laistigh de na Limistéir Oifigiúla Gaeltachta”; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [47602/22]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is ionann an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus an Plean Ghníomhaíochta 2018-2022 lena mbaineann, agus polasaí an Rialtais i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta. Tá mo Roinn ag súil an tríú tuarascáil ar dul chun cinn ó 1 Eanáir 2022 go 31 Nollaig 2022 a fhoilsiú go rí-ghairid. Tabharfaidh an tuarascáil seo léargas ar an méid atá a bhaint amach agus bainte amach faoi réimse uile an Phlean Ghníomhaíochta.

Níor mhiste a lua chomh maith go bhfuil - faoi chathaoirleacht mo Roinne - grúpa oibre bunaithe chun bearta ar leas theaghlaigh Ghaeltachta ar mhian leo a gclann a thógáil le Gaeilge, a chomhordú níos fearr agus a bhrú chun cinn. Tá an ghrúpa comhdhéanta de pháirtithe leasamhara lena n-áirítear Oifigigh Pleanála Teanga, Údarás na Gaeltachta agus ionadaíocht ó na heagraíochtaí Comhar Naíonraí na Gaeltachta, Oidhreacht Chorca Dhuibhne agus Tuismitheoirí na Gaeltachta. Reáchtáladh an chéad chruinniú den ghrúpa sin ar an 19 Iúil 2022.

Is féidir leis an Teachta a bheith cinnte de go leanfar ag féachaint chuige go mbaintear an leas is fearr is féidir as aon chistíocht bhreise a chuirfear ar fáil sna blianta amach romhainn do Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga na Roinne agus don phróiseas pleanála teanga araon lena mbaineann, ar leas cur chun cinn na Gaeilge ag leibhéal an teaghlaigh fud fad na Gaeltachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.