Written answers
Wednesday, 28 September 2022
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Oifigí Roinne
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
129. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht maidir le Ceist Pharlaiminte Uimhir 5 den 21 Meitheamh 2022, an ndéanfaidh sí soiléiriú a thabhairt ar an gceangal idir an gasra oibre atá bunaithe ag a Roinn agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta chun beartas maidir le pleanáil sa Ghaeltacht a phlé, agus an grúpa idir-rannach; an ndéanfaidh sí an fhaisnéis is déanaí a thabhairt ar obair an ghasra agus obair an ghrúpa idir-rannaigh go dtí seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [47599/22]
Jack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar a chuir mé in iúl i gCeist Dála 32569/22, is ar an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta atá an fhreagracht maidir leis an Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 - faoina dtagann gnóthaí i ndáil le cúrsaí pleanála agus tithíochta sa Ghaeltacht.
Mar a luadh roimhe seo, tá mo Roinn fhéin, an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúla agus Oidhreachta agus Údarás na Gaeltachta ag glacadh páirt i ngrúpa oibre idir-rannach faoi láthair ar mhaithe le ceist na Gaeilge sa phróiseas pleanála a phlé agus chun cúrsaí pleanála i gceantair Ghaeltachta a chur chun cinn.
Anuas air sin, chun tacú le hobair an ghrúpa oibre idir-rannaigh, thionóil an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúla agus Oidhreachta grúpa oibre eile níos leithne i mBealtaine 2021 chun gnéithe éagsúla den phróiseas pleanála sa Ghaeltacht a scrúdú. Tá an grúpa seo comhdhéanta d’ionadaithe ó mo Roinn, an Roinn Tithíochta, Údarás na Gaeltachta agus an t-ocht Údarás Áitiúla ábhartha. Is cruinniú amháin den ghrúpa seo atá eagraithe go dáta.
Tá i gceist cruinniú eile den ghrúpa seo a thionóil go gairid ar mhaithe leis an obair atá déanta ag an ngrúpa oibre idir-rannach go dtí seo a chur faoina mbráid agus deis a thabhairt dóibh aiseolas agus tuairimí a thabhairt ina leith.
No comments