Written answers

Tuesday, 27 September 2022

Department of Education and Skills

Oideachas trí Ghaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

240. To ask the Minister for Education and Skills cé mhéad duine i scoil Ghaeltachta a fuair díolúine ón nGaeilge ar an mbonnleibhéal agus ar an meánleibhéal, le 5 bliana anuas; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [46680/22]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don teachta, eisíodh Ciorcláin leasaithe ar dhíolúintí ó staidéar na Gaeilge i mí Lúnasa 2022. Tá Ciorcláin 2022 bunaithe ar athbhreithniú tosaigh ar chur i bhfeidhm chiorcláin 2019 agus bunaíodh iad ar aiseolas, comhfhreagras, Ceisteanna Parlaiminte, fiosrúcháin ón bpreas, agóidí dlíthiúla, achomhairc srl. Rinne ciorcláin 2019 leasú ar chiorcláin a bhí i bhfeidhm ó na 1990idí agus bhí na hathruithe a rinneadh bunaithe ar athbhreithniú an-chuimsitheach lena n-áirítear taighde a rinne an Chigireacht ar an gcur i bhfeidhm i scoileanna agus próiseas comhairliúcháin phoiblí ónar tháinig breis is 11,000 freagra ar an suirbhé agus os cionn 100 aighneacht scríofa mhionsonraithe. Thug ciorcláin 2019 aghaidh ar go leor de na saincheisteanna a ardaíodh agus chuidigh siad cothromas a bhaint amach maidir le deonú díolúintí.

Tá sé tábhachtach a rá nár cheart go mbeadh deonú díolúine ó staidéar na Gaeilge ina phríomhfhachtóir sa phleanáil do sholáthar teagasc oideachais speisialta do dhalta. Má dheonaítear díolúine, níor cheart go gcuirfeadh sé seo cosc ar an leanbh páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí Gaeilge agus cultúrtha ag leibhéal a oireann do na riachtanais atá aige/aici. Tá sé de rogha ag daltaí a bhfuil díolúine ó staidéar na Gaeilge faighte acu gan an díolúine a fheidhmiú agus gan aon cheart a chailliúint maidir leis an díolúine a fheidhmiú sa todhchaí.

Go dtí 2019, bhain díolúintí ó staidéar na Gaeilge le gach scoil, lena n-áirítear na scoileanna sin ina bhfuil an Ghaeilge mar mheán teagaisc sa Ghaeltacht nó lasmuigh den Ghaeltacht. Ó 2019 tá sé ráite go soiléir gur i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna aitheanta atá ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla amháin atá na ciorcláin le cur i bhfeidhm, agus dá réir sin nach féidir le bainistíocht scoile atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge díolúine ó staidéar na Gaeilge a dheonú.

Ba chóir don teachta a thabhairt faoi deara, cé nach mbaineann díolúintí ó staidéar na Gaeilge le scoileanna ina bhfuil an Ghaeilge mar mheán teagaisc, leanann feidhmiú díolúintí ó staidéar na Gaeilge a deonaíodh faoi chiorcláin roimhe seo agus atá ag daltaí go deireadh a n-oideachas iar-bhunscoile. Ina theannta sin, má deonaíodh díolúine do dhalta sa bhunscoil de réir an chiorcláin ábhartha a bhí i bhfeidhm ag an am, ar chúiseanna riaracháin, déanfaidh an iar-bhunscoil é seo a chlárú freisin mar dhíolúine a deonaíodh le linn chéad bhliain rollaithe an dalta. Bíonn tionchar ag na tosca seo ar an líon scoláirí atá cláraithe le díolúintí deonaithe i mbliain ar leith.

Chruthaigh Acht na Gaeltachta 2012 bonn reachtúil don phróiseas pleanála teanga agus leagadh amach ann na limistéir a mheastar a bheith mar chuid de Ghaeltacht. Sa chomhthéacs sin, tá 132 bunscoil sa Ghaeltacht. (Rinneadh dhá scoil sa Ghaeltacht a dhúnadh nó a chónascadh ó 2017). As an 132 bunscoil sin, tá Béarla mar mheán teagaisc do gach nó go roinnt ábhar i 32 scoil. Ina theannta sin, tá gach dalta nó roinnt daltaí in 8 gcinn de na 29 iar-bhunscoil i gceantair Ghaeltachta á dteagasc trí mheán an Bhéarla. D’fhéadfaí díolúine ó staidéar na Gaeilge a chur i bhfeidhm do dhaltaí sna scoileanna seo faoi théarmaí Chiorcláin 2019 agus 2022. Do dhaltaí i nGaelscoileanna d’fhéadfadh go ndearnadh díolúine ó staidéar na Gaeilge a chur i bhfeidhm faoin gciorclán ábhartha suas go deireadh na scoilbhliana 2018/19.

Aithnítear freisin go bhfuil an Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta ag tacú faoi láthair le roinnt scoileanna rannpháirteacha atá i mbun aistrithe ó scoileanna atá ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla go scoileanna lán-Ghaeilge. Má thuairiscíonn scoil atá páirteach sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta gurb é an Béarla teanga teagaisc na scoile, féadfaidh an scoil téarmaí an Chiorcláin cuí a chur i bhfeidhm.

I gcás daltaí i scoileanna speisialta agus i ranganna speisialta i scoileanna príomhshrutha, agus chun aitheantas a thabhairt don údarás atá tarmligthe ar údaráis bhainistíochta maidir le cinnteoireacht a dhéanamh ar riachtanais fhoghlama Gaeilge na ndaltaí ábhartha, ní gá iarratas foirmiúil ar Theastas Díolúine a dhéanamh. Dá réir sin beidh díolúine gan Teastas Díolúine ag daltaí i scoileanna speisialta agus i ranganna speisialta i scoileanna príomhshrutha. Déanfaidh údaráis bhainistíochta scoile/ranga speisialta, agus aon scoil phríomhshrutha ina rollaíonn dalta, díolúine dá leithéid ó staidéar na Gaeilge a thaifead cibé an bhfuil nó nach bhfuil an díolúine i bhfeidhm ag an am sin.

Díolúintí a deonaíodh in Iar-Bhunscoileanna atá lonnaithe sa Ghaeltacht sa tréimhse 2017-22:

Gach ábhar á múineadh do gach dalta trí mheán na Gaeilge 10
Gan aon ábhar á múineadh trí mheán na Gaeilge 324
Gach ábhar á múineadh do roinnt daltaí trí mheán na Gaeilge 20
Roinnt ábhar á múineadh do roinnt daltaí trí mheán na Gaeilge 29
Iomlán 383

Díolúintí a deonaíodh i mBunscoileanna atá lonnaithe sa Ghaeltacht sa tréimhse 2017-22:

Roinnt ábhar trí mheán na Gaeilge 12
Gach ábhar trí mheán na Gaeilge 1
Gan aon ábhar trí mheán na Gaeilge 6
Iomlán 19

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.