Written answers

Wednesday, 21 September 2022

Department of Transport, Tourism and Sport

Seirbhísí Iompair

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

37. To ask the Minister for Transport, Tourism and Sport cén uair a thosófar ar an tseirbhís bus idir Casla, Conamara, agus Clár Chlainne Mhuiris, Contae Mhaigh Eo faoi chlár “Éire a Nascadh [Connecting Ireland]”; cén chúis a bhí leis an oiread moille air seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [46306/22]

Photo of Eamon RyanEamon Ryan (Dublin Bay South, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar Aire Iompair, táim freagrach as an bpolasaí agus as an maoiniú foriomlán a bhaineann l’iompar poiblí.

Tá freagracht reachtúil ar an tÚdarás Náisiúnta Iompair (UNT) seirbhísí iompair phoiblí a chur ar fáil do phaisinéirí ar bhonn náisiúnta. Tá freagracht náisiúnta ar an tÚdarás maidir l’iompar áitiúil agus tuaithe chomhtháite chomh maith, soláthrú an Phlean Soghluaisteachta Tuaithe Éire a Nascadh (‘Connecting Ireland’) san áireamh.

Os rud é go bhfuil freagrachtaí ar leith ar an tÚdarás seirbhisí de chuid an Phlean Soghluaisteachta Tuaithe a chur i bhfeidhm, seirbhísí i gcontae na Gaillimhe agus i gcontae Maigh Eo ina measc, tá ceist an Teachta curtha ar aghaidh go dtí an tÚdarás agam. Iarraim air dul i dteangmháil le m’oifig phríobháideach muna bhfaigheann sé freagra laistigh de deich lá oibre.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.