Written answers
Wednesday, 29 June 2022
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Cúrsaí Gaeilge
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
36. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil i gceist aici coiste a bhunú ar a mbeidh ionadaíocht leathan ag earnáil na gColáistí Gaeilge, ar coiste é a dhéanfadh moltaí faoin gcaoi is fearr na coláistí a chur in oiriúint don saol comhaimseartha agus todhchaí na gColáistí a chinntiú ar mhaithe leis an nGaeilge sa tír ar fad, leis an nGaeilge sa Ghaeltacht agus le geilleagar na Gaeltachta. [34725/22]
Jack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Déanfar an scéal uile maidir le staid reatha agus todhchaí na gcoláistí Gaeilge a bhreithniú san fhómhar.
Idir an dá linn, is í tosaíocht leanúnach na Roinne mar a bhaineann sé leis an earnáil na híocaíochtaí a bheidh á ndéanamh idir seo agus deireadh na gcúrsaí leis na teaghlaigh ábhartha atá cláraithe faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge de chuid mo Roinne a phróiseáil go pras.
No comments