Written answers
Tuesday, 21 June 2022
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Cumarsáid Aireachta
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
232. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht maidir le Ceisteanna Pharlaiminte 22178/22, 10295/22 agus 2836/22, stádas an ghasra oibre; soiléiriú a thabhairt ar na téarmaí tagartha; dáta an chéad chruinnithe den ghrúpa; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [32470/22]
Jack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is mian liom a chur in iúl don Teachta go mbeidh an chéad chruinniú den ghrúpa oibre ar thagair sí dó ina ceist go gairid.
Mar a chur mé in iúl roimhe seo, i measc na bpríomhchuspóirí atá ann le bunú an ghrúpa seo ná tuilleadh comhoibrithe, comhthuisceana agus comhpháirtíochta a chothú i measc páirtithe leasmhara a bhfuil baint acu le seachadadh tacaíochtaí do theaghlaigh Ghaeltachta atá, nó ar mhian leo a gclann a thógáil le Gaeilge.
Aithnítear gur ar leas foriomlán na Gaeilge agus an phróisis pleanála teanga mar a bhaineann sé leis an nGaeltacht a bheidh sé seo uile.
No comments