Written answers

Tuesday, 21 June 2022

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Pleanáil Teanga

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

25. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht maidir le Ceist Pharlaiminte 22180/22, an ndearbhóidh sí go bhfuil Oifigeach Pleanála Teanga ceaptha i mBearna agus ar Chnoc na Cathrach. [32232/22]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Faoi mar a chur mé in iúl roimhe seo i gCeist Pharlaiminte 22180/22, rinne mé plean teanga an Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta: Bearna agus Cnoc na Cathrach a fhaomhadh faoin bpróiseas pleanála teanga i mí Bealtaine 2021.

Tuigtear don Roinn ó Údarás  na Gaeltachta, atá freagrach as feidhmiú an phróisis ar an talamh sa Ghaeltacht, go mbeidh áisitheoir á lorg acu go poiblí go rí-ghairid chun tacú le bunú coiste go logánta. De thoradh sin tá an tÚdarás ag súil leis go mbeifear in ann na chéad chéimeanna eile ina dhiaidh sin a ghlacadh gan tuilleadh moille i dtreo Oifigeach Pleanála Teanga a bheith ceaptha agus tús a bheith curtha le feidhmiú phlean teanga an cheantair.

Is féidir leis an Teachta a bheith cinnte de go bhfuil an scéal á choinneáil faoi bhreithniú ag mo Roinn i rith an ama.

Mar a bhaineann sé leis na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta go ginearálta, tá pleananna teanga i leith an 26 limistéar ina iomláine ceadaithe faoin bpróiseas anois.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.