Written answers

Tuesday, 21 June 2022

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Foilseacháin Ghaeilge

Photo of Marc Ó CathasaighMarc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

49. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht faoina tuairimí faoi na deacrachtaí leanúnacha in earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge, na pleananna atá aici le dul i ngleic leis na deacrachtaí sin agus an mbeidh athbhreithniú ar an leibhéal maoiniúcháin le haghaidh na bpleananna sin, Scéim na Foilsitheoireachta Gaeilge san áireamh. [32206/22]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Aistríodh feidhmeanna Bhord na Leabhar Gaeilge chuig Foras na Gaeilge ar 1 Eanáir 2008. Clár na Leabhar Gaeilge a tugadh feasta ar an Scéim a riartar faoi scáth Fhoras na Gaeilge, scéim a chuireann tacaíocht ar fáil do scríbhneoirí, d’fhoilsitheoirí agus do phobal léitheoireachta na Gaeilge i gcoitinne.

Cuireann mo Roinn maoiniú imfhálaithe de €1.061m in aghaidh na bliana ar fáil do Chlár na Leabhar Gaeilge, faoina bhfeidhmítear na scéimeanna agus tionscadail seo a leanas:

- Scéim na Foilsitheoireachta: Saothair ar ard-chaighdeán curtha ar fáil don phobal agus do léitheoirí Gaeilge;

- Scéim na dTionscadal Litríochta: Deiseanna léitheoireachta trí Ghaeilge a chothú agus a éascú don phobal;

- Scéim na gCoimisiún: Ciste coimisiúnaithe ar mhaithe le soláthar sásúil sna réimsí éagsúla léitheoireachta a chinntiú;

- An Scéim Meantóireachta: Spreagadh agus deiseanna tacaíochta a thabhairt do scríbhneoirí i dtús a ré scríbhneoireachta; agus,

- Scríobh Leabhar: Deiseanna scríbhneoireachta agus léitheoireachta trí Ghaeilge a chothú do pháistí scoile.

Aithnítear go bhfuil dúshláin roimh fhoilsitheoirí na Gaeilge faoi láthair agus reáchtáladh cruinniú an tseachtain seo caite idir feidhmeannaigh mo Roinne agus feidhmeannaigh Fhoras na Gaeilge chun an t-ábhar seo a phlé.  Mar aitheantas ar na dúshláin sin, chuir mé maoiniú breise aon uaire de €300,000 ar fáil do Chlár na Leabhar Gaeilge ag deireadh 2021 le dáileadh ar Scéim na Foilsitheoireachta agus Scéim na Meantóirí de chuid Chlár na Leabhar Gaeilge.

Leanfaidh mo Roinn agus Foras na Gaeilge ag breithniú na roghanna agus deiseanna chun tacú tuilleadh le foilsitheoirí na Gaeilge san am amach romhainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.