Written answers
Tuesday, 21 June 2022
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Údarás na Gaeltachta
Catherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
44. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht maidir le Ceisteanna Parlaiminte 22177/22 agus 10318/22, soiléiriú a thabhairt ar stádas an tríú gné den obair athbhreithniúcháin atá idir lámha ag Údarás na Gaeltachta maidir leis na córais agus maidir leis an gcur chuige atá i ngníomh ag an Údarás faoi láthair chun tacú le cur chun cinn na Gaeilge sna cliantchuideachtaí agus ar na bealaí ina ndéantar an t-ábhar a bhaineann leo a riaradh. [32228/22]
Jack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá tugtha le fios ag Údarás na Gaeltachta go bhfuil an obair atá i gceist maidir le heagrú an tríú céim den taighde seo fós idir lámha ag an Údarás agus táthar fós ag súil, mar a bhí tugtha le fios roimhe seo, go mbeidh an taighde críochnaithe go hiomlán faoi dheireadh an fhómhair.
Mar is eol don Teachta, agus ceisteanna faoin ábhar seo á bhfreagairt faoin ábhar seo le gairid, tá taighde breise á dhéanamh ag Údarás na Gaeltachta ar riachtanais na bhfostaithe sna cliantchomhlachtaí ó thaobh chothú na Gaeilge de. Beidh sonraí an taighde sin á n-áireamh ag an Údarás ina chur chuige i leith na dtacaíochtaí a chuirtear ar fáil do na cliantchomhlachtaí le tacú leo an Ghaeilge a chur chun cinn sa ghnó.
No comments