Written answers
Tuesday, 31 May 2022
Department of Transport, Tourism and Sport
An Teanga Gaeilge
Ruairí Ó Murchú (Louth, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
120. To ask the Minister for Transport, Tourism and Sport cén gníomh atá déanta ag a Roinn maidir leis an dátheangachas ar sheirbhísí de chuid Bhus Bhaile Átha Cliath agus de chuid soláthraithe iompair eile chun a chinntiú go bhfuil cothromas ann idir Gaeilge agus Béarla ar a gcuid seirbhísí; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [27410/22]
Eamon Ryan (Dublin Bay South, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar Aire Iompair, tá freagracht orm as beartas agus as maoiniú foriomlán maidir le hiompar poiblí; áfach, níl baint agam le hoibríochtaí iompair phoiblí ó lá go lá. Tá freagracht reachtúil ar an Údarás Náisiúnta Iompair (NTA) as soláthar seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí a chinntiú go náisiúnta agus as cinntí maidir leis na seirbhísí sin i gcomhar leis na hoibreoirí iompair ábhartha.
I bhfianaise fhreagracht an Údaráis sa réimse seo, tá ceist shonrach an Teachta maidir le dátheangachas ar sheirbhísí Bhus Átha Cliath agus soláthraithe iompair eile curtha ar aghaidh agam chuig an NTA le freagra díreach a fháil uirthi. Cuir m’oifig phríobháideach ar an eolas le do thoil mura bhfaigheann tú freagra laistigh de dheich lá oibre.
No comments