Written answers

Tuesday, 31 May 2022

Department of Education and Skills

Oideachas trí Ghaeilge

Photo of Chris AndrewsChris Andrews (Dublin Bay South, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

396. To ask the Minister for Education and Skills an bhfuil sí ar an eolas go bhfuil 128 ndalta idir scoileanna (sonraí tughtha) ag fágáil rang a 6 gach bliain agus go bhfuil an figiúr sin le fás go 197; an gceapann an tAire go bhfuil sé sásúil nach bhfuil aon Ghaelcholáiste ar fáil do na daltaí sin ar fad ina scoilcheantar féin faoi láthair chun leanúint leis an nGaeloideachas; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [27633/22]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar chuid den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, tá gealltanas tugtha ag mo Roinn go gcruthóidh sí deiseanna chun oideachas trí mheán Gaeilge a leathnú lasmuigh den Ghaeltacht i gcomhthéacs na bhfógraí ó mhí Aibreáin 2018 maidir le 47 scoil nua a bhunú ó 2019 i leith, lena dtugtar aird ar leith ar bhunú Gaelscoileanna, Gaelcholáistí, agus Aonad Lán-Ghaeilge mar chuid den phróiseas pátrúnachta do scoileanna nua.

Bunaíonn an Roinn scoileanna nua ar bhonn an éilimh dhéimeagrafaigh a shainaithnítear i gceantar, agus i ndiaidh cumas na scoileanna atá ann cheana chun an t-éileamh ar áiteanna scoile a bhfuiltear ag súil leis a ghlacadh a bhreithniú.

Déanann mo Roinn an tír a roinnt i 314 limistéar pleanála scoile le pleanáil cheart a dhéanamh maidir le scoileanna a chur ar fáil agus chun anailís a dhéanamh ar na sonraí déimeagrafacha ábhartha. Baineann sí úsáid as Córas Faisnéise Tíreolaíochta chomh maith, ag baint leas as sonraí ó fhoinsí éagsúla, sonraí a bhaineann le rollú scoile agus Sochar Linbh ina measc, le suíomhanna éagsúla a shainaithint a bhfuil brú áirithe iontu maidir le háiteanna scoile agus a bhfuil bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna breise ag teastáil iontu.

D’fhéadfadh mórfhorbairtí cónaithe nua i limistéar pleanála scoile an t-éileamh sa cheantar sin a athrú. Maidir leis sin, mar chuid de na cleachtaí déimeagrafacha, oibríonn an Roinn le gach ceann de na húdaráis áitiúla chun eolas cothrom le dáta maidir le forbairt shuntasach chónaithe nua i ngach ceantar a fháil. 

Téann an Roinn i gcomhairle le comhlachtaí pátrúnachta scoile chomh maith chun ceantair a bhfuil brú maidir le rolluithe orthu a shainaithint.

Sa chás go dtugtar le fios sna sonraí déimeagrafacha go bhfuil soláthar breise ag teastáil, braithfidh an soláthar breise sin ar chúinsí ar leith gach cáis faoi leith agus d’fhéadfaí iad sin sholáthar trí:

- Úsáid a bhaint as spás breise nach bhfuil in úsáid faoi láthair sa scoil nó sna scoileanna,

- An spás atá ar fáil sa scoil nó sna scoileanna a mhéadú,

- Scoil nua nó scoileanna nua a chur ar fáil.

Déantar próiseas pátrúnachta a reáchtáil nuair a dhéantar an cinneadh, bunaithe ar an anailís dhéimeagrafach, go bhfuil scoil nua ag teastáil. Bíonn na comhlachtaí pátrúnachta agus na pátrúin ionchasacha ar fad san áireamh sa phróiseas pátrúnachta. D’fhorbair mo Roinn Córas an Phróisis Phátrúnachta Ar Líne (OPPS) le faisnéis oibiachtúil a chur ar fáil do thuismitheoirí a chuirfidh ar a gcumas rogha fheasach a dhéanamh faoin tsamhail phátrúnachta is fearr leo chomh maith le teanga an teagaisc i.e. an Ghaeilge nó an Béarla, sna scoileanna nua. Tá tábhacht ar leith ag baint le rogha na dtuismitheoirí, chomh maith le cúrsaí eile a ndéantar machnamh orthu ar nós éagsúlacht an tsoláthair sa cheantar (soláthar Gaelscoileanna san áireamh) sa phróiseas cinnteoireachta agus maidir leis an gceist ar leibhéal iar-bhunscoile, an mbeadh scoil ina Gaelcholáiste trí mheán na Gaeilge, nó, más scoil Bhéarla atá i gceist, an mbeadh “Aonad” Ghaeilge ar leith sa scoil.

Ní mór don chuid is mó d’iar-bhunscoileanna nua líon iomlán 600 - 1,000 dalta a bheith ar an rolla acu.  Is féidir le tairseach níos lú de 400 dalta cur isteach ar Ghaelcholáistí, ach go mbeadh an rogha eile curtha san áireamh acu, is é sin Aonad a bhunú sa scoil acu.

Maidir leis an gceantar dá dtagraíonn an tIonadaí, tá bliain bunaithe, samhail na pátrúnachta agus teanga an teagaisc le cinneadh fós do na hiar-bhunscoileanna nua a fógraíodh le freastal ar na limistéir phleanála scoile seo a leanas i mórcheantar Bhaile Átha Cliath Theas: Baile Átha Cliath2_Baile Átha Cliath4 agus An Naigín_Cill Iníon Léinín_DLR/Coill na Silíní.

Cé go bhfuiltear ag súil go mbeidh go leor áiteanna scoile ag na Gaelcholáistí atá ann cheana i mórcheantar Átha Cliath Theas eatarthu chun freastal ar an éileamh a sainaithníodh mar chuid de na próisis phátrúnachta le déanaí sa ghearrthéarma, agus líon na ngaelscoileanna nua a osclaíodh le blianta beaga anuas á gcur san áireamh nó a bhfuil sé beartaithe iad a oscailt sa cheantar sin, tá athbhreithniú gníomhach leanúnach á dhéanamh ag mo Roinn faoin staid de réir mar a thagann méadú ar na scoileanna sin agus ar líon na ndaltaí i rang a sé sna gaelscoileanna.

Maidir le hiontrálacha scoile, tá an fhreagracht ar údaráis bhainistíochta na scoileanna uile polasaí rollaithe a chur i bhfeidhm de réir an Achta Oideachais, 1998 agus an Achta Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2018. Is é príomhchúram mo Roinnse a chinntiú gur féidir le scoileanna i gceantar freastal, eatarthu féin, ar gach dalta a bheidh ag lorg áiteanna scoile sa cheantar sin.  Sa chás go bhfuil ró-éileamh ar scoil tá seans ann nach bhfaighidh roinnt daltaí áit sa scoil.

Ceanglaítear leis an Acht ar scoileanna a gcritéir roghnúcháin a leagan amach go soiléir ina bpolasaithe iontrála. Tá lánrogha ag scoileanna maidir lena gcritéir iontrála agus conas a chuirtear i bhfeidhm iad, is féidir le hiar-bhunscoileanna tús áite a thabhairt do ghaelscoil/ghaelscoileanna mar chritéar roghnúcháin, agus tá sé sin ceadaithe faoin Acht, is féidir le scoileanna é sin a chur i bhfeidhm mar chritéar más mian leo é sin a dhéanamh.  Is faoi na scoileanna féin atá sé na critéir atá le cur i bhfeidhm ag scoileanna agus ord tosaíochta na gcritéar.

 Tá soláthar breise san Acht trína gceadaítear do scoileanna Gaeilge, nuair is a bpolasaí é sin a dhéanamh, tosaíocht a chur san áireamh ina bpolasaí iontrála maidir le hiontráil dalta a bhfuil leibhéal líofachta cainte cuí gnóthaithe aige/aici sa Ghaeilge agus i gcás go mbeadh líofacht an dalta sin i mbaol cúlú mura n-iontrálfaí an dalta i scoil Ghaeilge. Aithnítear leis an soláthar sin na deacrachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag iarratasóirí rochtain a fháil ar scoileanna a chuireann oideachas ar fáil trí mheán na Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.