Written answers

Thursday, 26 May 2022

Department of Rural and Community Development

Calafoirt agus Céanna

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

434. To ask the Minister for Rural and Community Development cén dul chun cinn atá déanta leis an réamhscrúdú maidir le forbairt Céibh an Chaladh Mhóir in Inis Meáin; an bhfuil i gceist ag an Roinn cruinniú a eagrú le Coiste Chéibh an Chaladh Mhóir in Inis Meáin go luath leis an gcás a phlé; and if she will make a statement on the matter. [27160/22]

Photo of Heather HumphreysHeather Humphreys (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá forbairt an Chaladh Mhóir ar Inis Meáin san áireamh sa Phlean Forbartha Náisiúnta. Mar is eol don Teachta is faoi chúram Chomhairle Contae na Gaillimhe atá Céim 3 d’fhorbairt na céibhe sin.  

Mar chuid lárnach den obair ullmhúcháin, tá Coláiste Náisiúnta Mara na hÉireann (NMCI) ag forbairt macasamhail digiteach den ché agus an timpeallacht mhuirí sa chuan. Tá sonraíocht teicniúil na mbád a bhaineann úsáid as an gcé bailithe ag an gComhairle Contae ar son an NMCI, chun go mbeidh an t-ionsamhlú atá á fhorbairt chomh cruinn agus beacht agus is féidir. Táthar ag súil go mbeidh sé seo curtha i gcrích ag an NMCI, tástáil déanta air ag na bádóirí, agus aiseolas tugtha, faoi dheireadh mhí Lúnasa.  

Anuas air seo, tá suirbhéireacht bataiméadrach le déanamh sa chuan. Táthar ag súil go mbeidh an obair sin críochnaithe sna seachtainí atá romhainn, ach tá sé sin ag braith go mór ar aimsir agus cúinsí mara.  

Beidh an Chomhairle Contae in ann cás gnó a dhréachtú bunaithe ar an eolas a bhéas mar thoradh ar an obair sin ar fad. Is ag an bpointe sin a bheas an Roinn ábalta measúnú a dhéanamh ar na céad céimeanna eile sa togra.  

Bhí cruinniú ag oifigigh na Roinne le Comhairle Contae na Gaillimhe agus coiste áitiúil ar an 18ú Feabhra chun an dul chun cinn atá déanta go dtí seo a phlé, chomh maith leis na céad céimeanna eile sa phlean forbartha. Tá sé i gceist cruinnithe eile a eagrú de réir mar bhogann an togra ar aghaidh tríd na céimeanna.   

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.