Written answers

Thursday, 19 May 2022

Department of Rural and Community Development

Seirbhísí Farantóireachta

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

407. To ask the Minister for Rural and Community Development cé mhéad lá i mbliana nár seoladh an tseirbhís lasta go hInis Meáin de bharr fadhbanna le taoidí agus na cnocáin ghainimh atá anois gar do Chéibh an Chóra ar an oileán sin, nó de bharr farraigí arda; cé mhéad uair a tháinig an tseirbhís go dtí an t-oileán taobh amuigh de na huaireanta idir 9.00rn agus 5.00in; cad iad na beartais atá i gceist a ghlacadh chun go mbeidh seirbhís lasta d’ardchaighdeán ag dul go hInis Meáin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [25533/22]

Photo of Heather HumphreysHeather Humphreys (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, is faoi máistir an bháid amháin cinneadh a dhéanamh maidir le cúrsaí sláinte agus sábháilteachta roimh gach seoladh agus tá freagracht ar an té sin a chinntiú nach gcuirtear an bád ná an criú i gcontúirt agus an seoladh á dhéanamh.

Teastaíonn uaim go mbeidh an tseirbhís lastais is fearr agus is féidir curtha ar fáil d’Inis Meáin agus chuige sin bíonn oifigigh na Roinne seo i dteagmháil rialta leis an gcomhlacht lastais maidir leis an tseirbhís fhóirdheonaithe ó dhug na Gaillimhe go hÁrainn.

De réir taifid na Roinne seo, níor sheol an tseirbhís lastais fóirdheonaithe as Gaillimh go hInis Meáin, mar a bhí beartaithe, seacht n-uaire idir Eanáir agus Aibreán 2022 de bharr drochaimsire nó cúrsaí taoide. Tháinig an tseirbhís le céibh in Inis Meáin 39 babhta taobh amuigh de na huaireanta idir 9.00rn agus 5.00in sa tréimhse chéanna.

Mar is eol don Teachta, is faoi Chomhairle Contae na Gaillimhe atá sé ceist na gcnocán gainimh atá gar do Chéibh an Chóra a réiteach. Tuigim go bhfuil céimeanna ina leith seo á nglacadh ag an gComhairle Contae i láthair na huaire.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.