Written answers
Tuesday, 10 May 2022
Department of Education and Skills
Tionscadail Tógála Scoileanna
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
524. To ask the Minister for Education and Skills an bhfuil i gceist ag a Roinn airgead a chur ar fáil chun obair a dhéanamh ar scoil (sonraí tugtha) bunaithe ar an tairiscint is lú a fuair an scoil seachas an méid a ceadaíodh an chéad uair in 2019, de bharr an ardaithe mhóir a tháinig ar chúrsaí togála ó shin i leith; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [23375/22]
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Fuair an scoil a ndéanann an Teachta tagairt di cead le dul le haghaidh pleanála i mí Lúnasa 2020.
I mí Aibreáin 2022, chuir an scoil comhfhreagras ar ríomhphost go dtí an Roinn inar luadh go raibh sí ag dul ar aghaidh chun tairiscintí a lorg agus bhí na cáipéisí tairisceana ceangailte leis.
Ní raibh cead bronnta ag an Roinn ar an scoil chun dul ar aghaidh agus tairiscintí a lorg mar go gcaithfidh sí cáipéisí áirithe a chur isteach le bheith in ann cead a fháil. Iarradh na cáipéisí seo i mí Aibreáin 2022, dá réir.
Chuir an Roinn in iúl don scoil nuair a bheadh na cáipéisí a iarradh faighte dhéanfaí athbhreithniú ar na tairiscintí a bhí curtha isteach cheana féin.
Faoi láthair, tá an Roinn ag fanacht ar an scoil leis na cáipéisí seo a chur isteach.
No comments