Written answers

Thursday, 5 May 2022

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Údarás na Gaeltachta

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

37. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht maidir le Ceist Pharlaiminte 10318/22, cathain a chríochnófar an tríú gné den obair athbhreithnithe atá idir lámha ag Údarás na Gaeltachta maidir leis na córais agus leis an gcur chuige atá i bhfeidhm ag an Údarás faoi láthair chun tacú le cur chun cinn na Gaeilge sna cliantchuideachtaí agus ar na bealaí ina ndéantar an t-ábhar a bhaineann leo a riaradh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [22177/22]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, agus ceisteanna faoin ábhar seo á bhfreagairt roimhe seo le gairid, tá sé curtha in iúl ag Údarás na Gaeltachta go bhfuil cinneadh déanta acu taighde breise a dhéanamh ar riachtanais na bhfostaithe sna cliantchomhlachtaí ó thaobh cothú na Gaeilge de.  Beidh sonraí an taighde sin á n-áireamh ag an Údarás ina chur chuige i leith na tacaíochtaí a chuirtear ar fáil do na cliantchomhlachtaí le tacú leo an Ghaeilge a chur chun cinn sa ghnó.

Tá an tÚdarás ag súil go mbeidh an taighde críochnaithe go hiomlán faoi dheireadh an fhómhair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.