Written answers

Thursday, 5 May 2022

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Pleanáil Teanga

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

31. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sí ar an eolas faoi chás inar sháraigh Comhairle Contae Chorcaí an dlí teanga le déanaí agus an léiríonn an teip ar an reachtaíocht gur gá pionós a fhorchur mar gheall ar sháruithe. [22204/22]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táim ar an eolas faoin sárú ar Achtanna na dTeangacha Oifigiúla 2003 go 2021 atá luaite ag an Teachta.

Tá sé tráthúil a rá gur faoin gCoimisinéir Teanga atá sé monatóireacht a dhéanamh ar fhorleanúint comhlachtaí poiblí d'fhorálacha Achtanna na dTeangacha Oifigiúla 2003 go 2021. I measc na príomhdhualgais atá ag an gCoimisinéir Teanga, tá monatóireacht le déanamh ar an gcaoi a bhfuil forálacha na n-Achtanna á gcomhlíonadh ag comhlachtaí poiblí; imscrúduithe a sheoladh as a stuaim féin ar iarratas ón Aire nó mar thoradh ar ghearán a bheith déanta leis ag aon daoine i gcás ina gcreidtear go bhfuil teipthe ar chomhlachtaí poiblí a ndualgais a chomhlíonadh faoi Achtanna na dTeangacha Oifigiúla; tuarascáil a ullmhú faoi gach imscrúdú; comhairle a chur ar fáil don phobal maidir le neart na teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla; comhairle a chur ar fáil do chomhlachtaí poiblí maidir lena ndualgas teanga faoin Acht; agus tuarascáil bhliantúil faoi ábhair Oifig an Choimisinéara Teanga a sholáthar don Aire le cur os comhair Thithe an Oireachtais.

Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021, tá curtha leo siúd trí leasú a thugann cumhacht don Choimisinéir Teanga faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh aon achtacháin eile a bhaineann le stádas nó úsáid teanga oifigiúla chomhlachtaí poiblí.

Pléadh an cheist maidir le fíneálacha a thabhairt isteach nuair a bhí an reachtaíocht nua á plé i dTithe an Oireachtais anuraidh ach níor cuireadh san áireamh iad san Acht. 

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.