Written answers

Thursday, 5 May 2022

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Scéimeanna Teanga

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

49. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sí ar an eolas faoin taighde ó Ghlór na nGael a léiríonn nach bhfuil ach 7,000 teaghlach ar fud na hÉireann ag tógáil páistí le Gaeilge, agus an n-aontaíonn sí gur gá Scéim Labhairt na Gaeilge a thabhairt ar ais chun tabhairt faoin dúshlán seo [22203/22]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta mar a bhaineann sé le ceantair Ghaeltachta go sonrach, chuirtí deontas faoi Scéim Labhairt na Gaeilge, arbh fhiú suas le €260 in aghaidh na bliana é ar fáil do theaghlaigh cháilithe Ghaeltachta a bhí in ann a léiriú don Roinn gurbh í an Ghaeilge príomh-theanga labhartha bhunadh an tí acu.

Mar atá luaite roimhe seo - ós rud é go bhfuil na tacaíochtaí teanga a chuirtear ar fáil faoi Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga na Roinne agus go deimhin faoin bpróiseas pleanála teanga araon dírithe ar thacaíochtaí ar bhonn pobalbhunaithe trí chéile seachas ar dheontais phearsanta, tá cistíocht shuntasach - atá ardaithe go céimiúil ó cuireadh deireadh le Scéim Labhairt na Gaeilge - á cur ar fáil ar leas na Gaeilge mar theanga teaghlaigh sa Ghaeltacht.

Luafainn sa chomhthéacs sin an chistíocht atá á cur ar fáil ag an Roinn don eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta. Leis an gciste sin ar fiú breis agus milliún sé céad míle euro (€1.6m) é thar tréimhse trí bliana faoi láthair, cuirtear clár leathan tacaíochtaí praiticiúla ar fáil atá dírithe ar thacú le teaghlaigh Ghaeltachta atá ag tógáil clainne le Gaeilge nó ar mhian leo é sin a dhéanamh.

Níor mhiste a lua go bhfuil an ciste sin deich n-oiread níos airde ná an gciste bliantúil arbh fhiú caoga míle euro (€50,000) dá fheabhas é - a chuirtí ar fáil don eagraíocht cúig bliana ó shin.

Comhthreomhar leis an gciste sin, luafainn chomh maith an maoiniú suntasach atá á chur ar fáil ag an Roinn agus ag Údarás na Gaeltachta don eagraíocht Comhar Naíonraí na Gaelachta atá dírithe ar thacú ar bhonn níos leithne le teaglaigh Ghaeltachta a bhfuil páistí ag aois réamhscoile acu. Tá ciste ar fiú beagnach leath mhilliún euro curtha ar fáil don eagraíocht ag mo Roinn i mbliana go deimhin - a thagann sna sála ar an gciste trí bliana arbh fhiú sa bhreis ar aon pointe dó milliún Euro a cuireadh ar fáil ó 2018 go 2021.

Mar a bhaineann sé le tacú le teaghlaigh Ghaeltachta tríd an ngréasán bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna Gaeltachta, luafainn an chistíocht shuntasach thar tréimhse trí bliana atá á cur ar fáil ag mo Roinn chun deiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chur ar fáil do lucht freastail scoileanna Gaeltachta ó cheann ceann na bliana. Cuimsítear sa tacaíocht fhoriomlán sin na cistí faoi leith a chuirtear ar fáil faoi Scéim na gCúntóirí Teanga; Clár na gCluichí Gaelacha, Clár na nEalaíon Teangabhunaithe dar teideal CUISLE agus beartais eile nach iad.

Ní áirítear sna tacaíochtaí teaghlaigh atá luaite agam, na tacaíochtaí ábartha eile atá á gcur ar fáil ar bhonn lógánta faoi scáth an phróisis pleanála teanga ná an raon cúnamh ábhartha a chuirtear ar fáil faoi scáth Údarás na Gaeltachta - a chabhraíonn go díreach nó go tánaisteach le cur chun cinn na Gaeilge mar theanga teaghlaigh sa Ghaeltacht.

Leis an gcistíocht ar fiú seacht milliún déag euro in iomlán (€17m) atá curtha ar fáil i mbliana don Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga agus an próiseas pleanála teanga araon - atá ardaithe go deimhin thar ciste na bliana seo caite - táim sásta go bhfuil na cistí sin á gcur chun fónaimh chun cabhrú le réimsí éagsúla lena n-áirítear teaghlaigh ó cheann ceann na Gaeltachta atá ag tógáil clainne le Gaeilge nó a dteastaíonn uathu é sin a dhéanamh.

Is féidir leis an Teachta a bheith cinnte de, mar atá luaite roimhe seo, go leanfar ag faire amach i gcomhar le páirtithe leasmhara ar na bealaí a bhféadfaí na tacaíochtaí seo a threisiú tuilleadh leis na hacmhainní atá agus a bheidh ar fáil.

Tugtar léargas níos leithne ar a bhfuil déanta agus ar bun ag gach páirtí leasmhar a bhfuil baint acu leis an scéal sa dara tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018 - 2022 a d'fhoilsigh mé thar ceann na Rialtais i mí Dheireadh Fómhair 2021.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.