Written answers

Tuesday, 26 April 2022

Department of Education and Skills

Oideachas trí Ghaeilge

Photo of Gary GannonGary Gannon (Dublin Central, Social Democrats)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

821. To ask the Minister for Education and Skills cé na pleananna atá aici Gaelcholáiste dara leibhéal a sholáthar i gceantar (sonraí tugtha) i gContae Bhaile Átha Cliath; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [19280/22]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar chuid den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, 2010-2030, tá mo Roinn tiomanta do dheiseanna a chur ar fáil chun cur le hoideachas trí mheán na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht i gcomhthéacs na bhfógraí ó mhí Aibreáin 2018 maidir le 47 scoil nua a bhunú ó 2019, a tharraingíonn aird ar leith ar bhunú Gaelscoileanna, Gaelcholáistí, agus Aonaid Lán-Ghaeilge mar chuid den phróiseas pátrúnachta do scoileanna nua.

Bunaíonn an Roinn scoileanna nua bunaithe ar an éileamh déimeagrafach aitheanta i gceantar, agus i ndiaidh chumas na scoileanna atá ann cheana glacadh leis an éileamh a cheaptar a bheidh ann d’áiteanna scoile a mheas.

D’fhonn pleanáil a dhéanamh maidir le soláthar scoileanna  agus anailís a dhéanamh ar na sonraí déimeagrafacha ábhartha, déanann mo Roinn an tír a roinnt i 314 limistéar pleanála scoile agus baineann sí úsáid as Córas Faisnéise Geografaí, ag baint úsáid as sonraí as réimse foinsí, lena n-áirítear Sochar Linbh agus sonraí rollaithe scoile, chun na háiteanna ina mbeidh brú d’áiteanna scoile ar fud na tíre agus na háiteanna ina bhfuil gá le cóiríocht scoile ar leibhéal bunscoile agus iar-bhunscoile a aithint.

D’fhéadfadh forbraíochtaí cónaithe móra nua i limistéar pleanála scoile an t-éileamh atá sa cheantar sin a athrú. Maidir leis sin, mar chuid de na bearta déimeagrafacha, déanann an Roinn teagmháil leis na húdaráis áitiúla ar fad chun faisnéis cothrom le dáta a fháil ar fhorbairt chónaithe shuntasach nua i ngach ceantar. 

Ina theannta sin, téann an Roinn i gcomhairle le forais phátrúnachta scoile d’fhonn ceantair ina bhfuil brú ar rolluithe a aithint.

Nuair a léiríonn sonraí déimeagrafacha go bhfuil soláthar breise ag teastáil, bíonn soláthar breise dá leithéid a sheachadadh ag brath ar chúinsí ar leith gach cáis agus d’fhéadfaí é a chur ar fáil trí:

- Acmhainn nach bhfuil in úsáid laistigh de scoil nó de scoileanna a úsáid,

- Cuir le hacmhainn scoile nó scoileanna,

- Scoil nó scoileanna nua a sholáthar.

Reáchtáiltear próiseas pátrúnachta nuair atá cinneadh déanta, bunaithe ar anailís dhéimeagrafach, go bhfuil gá le scoil nua. Tá an próiseas pátrúnachta oscailte do gach foras pátrúnachta agus do phátrúin ionchasacha. Rinneadh an Córas um Phróiseas Pátrúnachta ar Líne (CPPL) a fhorbairt chun eolas oibiachtúil a chur ar fáil do thuismitheoirí a chuirfidh ar a gcumas rogha eolach a dhéanamh maidir leis an tsamhail phátrúnachta is fearr leo chomh maith le teanga theagaisc, i.e. Gaeilge nó Béarla, scoileanna nua. Tá roghanna tuismitheoirí, chomh maith le ceisteanna eile amhail an méid éagsúlachta sa soláthar i gceantar (lena n-áirítear soláthar trí mheán na Gaeilge) lárnach sa phróiseas cinnteoireachta agus cé acu a mbeadh scoil ag leibhéal iar-bhunscoile i bhfoirm Gaelcholáiste ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge nó más trí mheán an Bhéarla a bheidh sí ag feidhmiú, an mbeadh aonad trí mheán na Gaeilge nó “Aonad” san áireamh ann.

Ní mór don chuid is mó d’iar-bhunscoileanna nua a bheith ábalta 600 – 1,000 scoláire a rollú.  D’fhéadfadh tairseach níos ísle 400 scoláire a bheith i gceist le Gaelcholáistí, ag féachaint don rogha eile Aonad a bhunú laistigh de scoil.

Maidir leis an gceantar a ndearna an Teachta tagairt dó, bunaíodh Gaelcholáiste nua - Gaelcholáiste Ghlór na Mara - i gceantar Bhaile Brigín sa bhliain 2014 chun acmhainn bhreise a chur ar fáil chun freastal ar cheantar Bhaile Átha Cliath Thuaidh agus ar an éileamh ar oideachas trí mheán na Gaeilge ag an dara leibhéal. Chomh maith leis sin, tá tionscadal tógála ar bun chun áiteanna breise a chur ar fáil i nGaelscholáiste Reachrainn i nDomhnach Míde. Táthar ag súil go mbeidh áiteanna scoile leordhóthanacha sna scoileanna sin chun freastal ar leibhéal an éilimh sa cheantar faoi láthair agus déanfar athbhreithniú rialta ar chúrsaí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.