Written answers

Thursday, 31 March 2022

Department of Housing, Planning, and Local Government

Gaeltacht Policy

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

252. To ask the Minister for Housing, Planning, and Local Government cén dáta faoina mbeidh na treoirlínte molta don phleanáil sa Ghaeltacht foilsithe. [16440/22]

Photo of Peter BurkePeter Burke (Longford-Westmeath, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mo Roinnse ag obair go han-dlúth leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (DTCAGSM) maidir le cúrsaí pleanála i gceantair Ghaeltachta. Ó thaobh an dlí de, tá bonn reachtúil ag forfheidhmiú leanúnach an phróisis pleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta, 2012, arb é an príomhthiománaí é i ndáil le tacú leis an ngealltanas a rinneadh na cuspóirí atá leagtha amach i Straitéis 20 Bliain na Gaeilge 2010 go 2031 a bhaint amach. Is é Acht 2012 mar sin, a thagann laistigh de chúram mo chomhghleacaí, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, an phríomhuirlis beartais chun cosaint a thabhairt don Ghaeilge. Léirítear an gealltanas sin sa Chreat Náisiúnta Pleanála (NFP) agus áirítear ann Cuspóir 29 “tacú le cur i bhfeidhm pleananna teanga i gCeantair Pleanála Teanga Ghaeltachta, i mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus i Líonraí Gaeilge”.

Ar leithligh, leagtar amach san Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, arna leasú, cuspóirí éigeantacha d’údaráis áitiúla, nach mór aghaidh a thabhairt orthu nuair atá a bPlean Forbartha Contae á dhréachtú, a rialaíonn beartais forbartha áitiúla. Áirítear ceanglas in Alt 10(2)m den Acht, nuair atá ceantar Gaeltachta laistigh de limistéar riaracháin an údaráis pleanála, nach mór forálacha agus cuspóirí san áireamh sa phlean forbartha a dhéanfaidh “oidhreacht teanga agus chultúrtha na Gaeltachta a chosaint, lena n-áirítear an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga an phobail”.

Ar mhaithe le treoir bhreise a chur ar fáil i ndáil le beartais chuí a ullmhú, d’fhoilsigh mo Roinnse ‘Pleananna Forbartha, Treoirlínte d’Údaráis Phleanála’ in 2007 a thugann aghaidh ar an gcuspóir

éigeantach seo atá san áireamh san Acht. Tagraíonn na treoirlínte seo d’oidhreacht teanga agus chultúir chomh maith le riachtanais an phobail maidir le húsáid talún ar mhaithe le tithíocht, saoráidí pobail, fostaíocht, turasóireacht agus dearadh, lena n-áirítear fógraíocht agus comharthaíocht. D’fhéadfadh pleananna forbartha aonair oibleagáid a leagan freisin ar iarratasóirí ar chead pleanála sonraí nó faisnéis áirithe a chur ar aghaidh in éineacht le tograí forbartha i gceantair Ghaeltachta, amhail measúnaithe ar an tionchar teangeolaíochta a bheadh ag an bhforbairt bheartaithe, d’fhonn é a mheas i gcoinne bheartais ábhartha an phlean forbartha.

I mí Lúnasa anuraidh, d’fhoilsigh mo Roinnse Dréacht-Treoirlínte do Phleananna Forbartha nuashonraithe a dheimhníonn arís oibleagáidí údaráis pleanála i ndáil le forbairt na Gaeltachta.

D’ainneoin tabhairt chun críche threoirlínte an phlean forbartha agus foilsiú beartaithe na ndréacht-treoirlínte do thithíocht faoin tuath sa téarma láithreach bonn, beidh mé ag iarraidh go ndéanfar treoirlínte Alt 28 a ullmhú i gcomhar idir an dá Roinn chun aghaidh a thabhairt go sonrach ar chúrsaí pleanála i gceantair Ghaeltachta, mar go bhfuil cúrsaí pleanála sonracha tábhachtacha a bhaineann le ceantair Ghaeltachta a bhfuil breithniú níos mó de dhíth ina leith. Tá tionchar ag amlíne na dtreoirlínte sin ag líon breithnithe tábhachta eile lena n-áirítear comhairliúchán poiblí agus an gá a d’fhéadfadh a bheith ag aon mheasúnú timpeallachta eile amhail Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (SEA) nó Measúnacht Chuí (AA). Táim ag súil go mbeidh leagan de na dréacht-treoirlínte ar taispeáint do chomhairliúchán poiblí níos déanaí i mbliana.

Chun tacú leis an obair seo atá ar bun agus chun dlús a chur léi, leanann mo chuid oifigeach Roinne ag déanamh teagmhála agus ag casadh leis na hoifigigh ábhartha i Roinn na Gaeltachta agus leanfaidh an dá Roinn ar aghaidh leis an rannpháirtíocht dhlúth ar an ábhar seo d’fhonn gníomhartha breise a bhrú chun cinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.