Written answers
Thursday, 24 March 2022
Department of Education and Skills
Stádas Scoile
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
271. To ask the Minister for Education and Skills cad iad ainmneacha na scoileanna iar-bhunoideachais a bhfuil stádas, scoil bheag, acu agus an líon scoláirí i ngach scoil; cad é an líon scoileanna iar-bhunoideachais sa tír a bhfuil líon scoláirí níos lú acu ná mar atá ag an gceann is mó de na scoileanna a bhfuil stádas scoil bheag acu; cad é ainm gach scoile acu agus an líon scoláirí atá iontu; cén fáth nach bhfuil an stádas seo ag na scoileanna seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [15630/22]
Norma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Foilsítear na critéir a úsáidtear chun múinteoirí a leithdháileadh ar scoileanna gach bliain ar shuíomh gréasáin na Roinne.
Is scoileanna Bord Oideachais agus Oiliúna (BOO) iad na scoileanna a bhfuil an Teachta ag tagairt dóibh.
Soláthraíonn an Roinn leithdháileadh foirne do gach BOO agus is faoi Phríomhfheidhmeannach na scéimeanna BOO lena mbaineann atá sé an leithdháileadh foirne sin a dháileadh, poist i Scoileanna Beaga san áireamh.
No comments