Written answers

Wednesday, 23 March 2022

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Pleanáil Teanga

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

57. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén dul chun cinn atá déanta maidir le plean teanga Bhearna agus Chnoc na Cathrach atá faofa ag an Aire le tamall fada; agus go háirithe, an ndeimhneoidh sí go bhfuil Oifigeach Pleanála Teanga ceaptha; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [15507/22]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Rinne mé plean teanga an Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta: Bearna agus Cnoc na Cathrach a fhaomhadh faoin bpróiseas pleanála teanga i mí Bealtaine 2021.

Tuigtear don Roinn nach bhfuil Oifigeach Pleanála Teanga fostaithe sa cheantar go fóill áfach ach go bhfuil céimeanna idir lámha ag Údarás na Gaeltachta chun dlús a chur le rudaí gan tuilleadh moille i dtreo tús a bheith curtha le feidhmiú an phlean. Cuimseofar sa chur chuige seo earcú Oifigeach Pleanála Teanga.

Mar a bhaineann sé leis na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta go ginearálta, tá pleananna teanga i leith 25 den 26 limistéar ceadaithe faoin bpróiseas go dtí seo agus tá súil agam go mbeidh siad uile ceadaithe go gairid.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.