Written answers
Thursday, 10 March 2022
Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht
Oibreacha Feabhsúcháin do Scoileanna
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
203. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an mbeadh sí sásta i bprionsabal deontas a chur ar fáil le haghaidh halla scoile ar oileán Gaeltachta ó tharla go bhfuil ráite ag an Aire Oideachais nach bhfuil aon mhaoiniú ag a Roinn do thionscadail dá leithéid faoi láthair; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [13684/22]
Jack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Cuireann mo Roinn cúnamh caipitil ar fáil faoi Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga na Roinne chun cabhrú le forbairt bhonneagar pobail agus teanga na Gaeltachta - lena n-áirítear oileáin Ghaeltachta.
I gcás áiseanna scoile den chineál atá luaite ag an Teachta, b'iondúil gurb í an Roinn Oideachais a dhéanfadh cúram den chineál sin cáis faoin na scéimeanna atá aici ar an gcéad dul síos.
Moltar don Teachta pé scoil oileánda atá i gceist a chur i dteagmháil le mo Roinn le go bhféadfaí comhairle a chur orthu de réir mar is gá.
No comments