Written answers

Tuesday, 8 March 2022

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Údarás na Gaeltachta

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

228. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé atá ag riar an athbhreithnithe ar struchtúr Údaráis na Gaeltachta; ar éirigh leis an Roinn comhlacht comhairleoireachta a aimsiú chun tabhairt faoin athbhreithniú; agus an é an Roinn féin nó comhlacht comhairleoireachta a bhfuil an próiseas comhairliúcháin phoiblí á eagrú acu mar chuid den athbhreithniú, nó conas a dhéanfar measúnú ar an gcomhairliúchán poiblí; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [12958/22]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

D’fhógair mé ar an 16 Feabhra 2022 go raibh tús curtha ag mo Roinn le comhairiliúchán poiblí mar chuid den athbhreithniú ar an bpróiseas roghnúcháin/toghcháin i ndáil le Bord Údarás na Gaeltachta, a gealladh go ndéanfaí sa Chlár Rialtais.

Fágann sé seo go mbeidh an deis á tabhairt don phobal agus d’eagraíochtaí gur spéis leo, a dtuairimí agus a moltaí faoin ábhar a roinnt i scríbhinn leis an Roinn suas go  dtí 25 Márta 2022

Mar a d’fhógair mé an lá céanna tá mo Roinn  ag obair, i gcomhar leis an Oifig um Sholáthar Poiblí, chun sainchomhairleoireacht a cheapadh le hanailís agus athbhreithniú a dhéanamh ar an ábhar agus moltaí ina leith a sholáthar don Roinn maidir leis an gcur chuige roghnúcháin/toghcháin is fearr don todhchaí. Cuirfear san áireamh moltaí agus tuairimí faoin ábhar a fhaightear de thoradh an phróisis chomhairliúcháin phoiblí i dtreo an obair ar fad a bheith críochnaithe i mí Iúil 2022 nó mar sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.