Written answers

Tuesday, 8 March 2022

Department of Education and Skills

Oideachas trí Ghaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

59. To ask the Minister for Education and Skills an bhfuil sé ar an eolas faoin togra atá molta i mBéal Feirste chun foras breisoideachais agus ardoideachais lán-Ghaelach a bhunú i bhfoirgneamh Montague, atá anois faoi rialú Chultúrlann McAdam Ó Fiaich; an bhfuil sé i gceist aige obair i dtreo foras nó forais oideachais lán-Ghaelach mar é a bhunú ó dheas, chun deis a thabhairt do na mílte daltaí a fhreastalaíonn ar oideachas dara leibhéal trí mheán na Gaeilge leanúint ar aghaidh i dtimpeallacht lán-Ghaelach tar éis na hArdteistiméireachta agus staidéar a dhéanamh ar réimse leathan ábhar, lena n-áirítear ceirdeanna; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12488/22]

Photo of Simon HarrisSimon Harris (Wicklow, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Geallaim go gcomhlíonfaidh an córas breisoideachais agus ardoideachais an t-éileamh atá ann le soláthar a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Ní feasach dom pleananna a bheith ann faoi láthair chun foras a bhunú de réir mar atá molta ag an Teachta.

San earnáil Breisoideachais agus Oiliúna, tá soláthar trí mheán na Gaeilge á chur ar fáil laistigh de na réimsí oideachais phobail agus litearthachta d’aosaigh. Tá na Boird Oideachais agus Oiliúna freagrach as struchtúr a chur ar a soláthar ó thaobh éileamh agus riachtanas na bhfoghlaimeoirí, i gcomhréir le tosaíochtaí scileanna áitiúla agus náisiúnta. Cuirtear é seo i gcrích i gcomhar leis na Comhaontuithe Feidhmíochta Straitéisí atá i bhfeidhm idir SOLAS agus gach ceann den 16 BOO.

Tá traidisiún láidir freisin maidir le soláthar ardoideachais trí mheán na Gaeilge i líon institiúidí, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach agus Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath san áireamh. Ó bhí 2020/21 ann, bhí 67 cúrsa san ardoideachas agus teagasc as Gaeilge á chur ar fáil nó á gcur ar fáil trí mheán na Gaeilge, ag freastal ar 1,674 mac léinn san iomlán.

Tá deiseanna ar fáil freisin do dhaoine ar mian leo tabhairt faoin nGaeilge agus feabhas a chur ar a gcumas. Mar shampla, an cúrsa saor in aisce ‘Labhair Gaeilge Liom (Speak Irish With Me)’, a chuirtear ar fáil ar an ardán ar líne, eCollege, atá á bhainstiú ag SOLAS.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.