Written answers

Wednesday, 2 March 2022

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

An Teanga Gaeilge

Photo of Ruairi Ó MurchúRuairi Ó Murchú (Louth, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

94. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cuntas a thabhairt ar an mbéim shonrach ar an dáileadh méadaithe i mBuiséad 2021 maidir le hearnálacha na Gaeilge agus na Gaeltachta, go sonrach i dtaobh chur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [11931/22]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Forálann Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 d’athchóiriú a dhéanamh ar an mbealach a bheartaímid do sholáthar seirbhísí poiblí Gaeilge ar ardchaighdeán do phobal na Gaeilge. Is tionscadal fadtéarmach é seo a bhfuil taighde cuimsitheach agus forbairt Plean Náisiúnta um Sholáthar Seirbhísí Poiblí trí mheán na Gaeilge ina chroílár.  I láthair na huaire, táim ag obair i gcomhar le hoifigigh mo Roinne chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha an Achta sa tréimhse amach romhainn. Chuige sin, tá plean oibre forbartha ag oifigigh mo Roinne ina leagtar amach na céimeanna éagsúla atá le glacadh sna míonna amach romhainn chun forálacha an Achta a fheidhmiú.

Is í mo phríomhthosaíocht ag an tráth seo próiseas a reáchtáil ar mhaithe le beirt comhalta a earcú a bheidh ionadaíoch ar an gCoiste Comhairleach a bhfuil foráil déanta dó san Acht ar son phobal labhartha na Gaeilge taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá an réamhobair don phróiseas sin tosaithe ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí i gcomhar le hoifigigh mo Roinne. 

Leis an Acht nua seo, tá bunsraith láidir leagtha síos dúinn, mar Stát, chun fíorcheannaireacht a léiriú i dtaobh an teanga a chaomhnú do na glúinte atá le teacht. Tagann forálacha an Achta i gcomhréir le huaillmhian bheartais fhoriomlán an Stáit maidir le tacú leis an nGaeilge agus maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn. Ní mhiste a lua gur togra uile-Rialtais é seo nach mbeidh dírithe ar allúntais airgeadais amháin agus go mbeidh oibleagáidí orainn go léir trasna an státchóras maidir lena fhorfheidhme.

Tá acmhainní breise faighte agam laistigh de leithdháileadh mo Roinne i mBuiséad 2022 chun dlús a chur le cur i bhfeidhm na reachtaíochta nua, chomh maith le hacmhainní breise a sholáthar d’Oifig an Choimisinéara Teanga i mbliana chun córais mhonatóireachta na hoifige sin a neartú. Tá earcú na n-acmhainní foirne breise seo beagnach críochnaithe ag mo Roinn.

Tá beartaithe agam, thar na míonna amach romhainn, sraith seimineár faisnéise a eagrú do chomhlachtaí poiblí maidir le forálacha an Achta nua, agus tús a chur le hailt ábhartha den Acht ar bhonn chéimiúil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.