Written answers

Thursday, 24 February 2022

Department of Education and Skills

Oideachas Gaeltachta

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

308. To ask the Minister for Education and Skills céard iad na hacmhainní airgid breise atá á gcur ar fáil in 2022 leis an mbeartas nua don Oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a fhorbairt; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10641/22]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá polasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh de cheantair Ghaeltachta á fhorbairt ag mo Roinn faoi láthair. Is í aidhm an pholasaí nua seo ná creat a chur ar fáil chun oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán a sholáthar lasmuigh de cheantair Ghaeltachta. Tá forbairt an pholasaí nua mar ghníomh tosaíochta chun cuspóirí na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus Chlár an Rialtais a bhaint amach chun soláthar oideachais don Ghaeilge a neartú.

Bunaíodh grúpa oibre ionrannach laistigh de mo Roinn in 2021 chun an obair thábhachtach seo a chur chun cinn. Beidh an grúpa oibre seo ag díriú ar phróiseas comhairliúcháin a fhorbairt chun rannpháirtíocht fhorleathan na bpáirtithe leasmhara a spreagadh chun bonn eolais a chur faoin bpróiseas forbartha polasaí. Tá sé i gceist freisin go ndéanfar athbhreithniú ar litríocht náisiúnta agus idirnáisiúnta trí phróiseas tairisceana.

Tá Grúpa Stiúrtha á bhunú freisin chun maoirseacht, treoir agus tacaíocht a chur ar fáil don phróiseas forbartha polasaí.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

309. To ask the Minister for Education and Skills cé mhéad airgid a caitheadh go sonrach ar chur i bhfeidhm an bheartais Oideachais Gaeltachta anuraidh; cé mhéad atá curtha ar fáil chuige seo i mbliana; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10642/22]

Photo of Norma FoleyNorma Foley (Kerry, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is iad seo a leanas na buiséid bhliantúla do chur i bhfeidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta, ó seoladh é in 2017:

Tá meastachán iomlán de €6.7m curtha ar fáil ag mo Roinne don bhliain reatha do chur i bhfeidhm an Pholasaí in 2022.

Bliain Buiséad
2017 €1m
2018 €2.3m
2019 €4.8m
2020 €5.8m
2021 €6.4m

Annual budgets for the implementation of the Policy on Gaeltacht Education, since its launch in 2017 have been as follows.

Year Budget
2017 €1m
2018 €2.3m
2019 €4.8m
2020 €5.8m
2021 €6.4m

My Department’s estimates for the current year provide €6.7 million for the implementation of the Policy in 2022.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.