Written answers

Thursday, 24 February 2022

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

38. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil dáta nó téarmaí tagartha socruithe do bhunú an Choiste Chomhairligh de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021. [10451/22]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar atá leagtha amach san Acht, déanfaidh mé, le hordú, lá a cheapadh, tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 a rith, chun bheith ina lá bunaithe an Choiste Chomhairligh chun críocha an Achta.

Tá comhaltas agus feidhmeanna an Choiste Chomhairligh leagtha amach san Acht.

Is í mo phríomhthosaíocht ag an tráth seo próiseas a reáchtáil ar mhaithe le beirt comhalta a earcú a bheidh ionadaíoch ar an gCoiste Comhairleach ar son phobal labhartha na Gaeilge taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht. Chuige sin, tá scríofa ag mo Roinn chuig an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ag iarraidh orthu an próiseas sin a thosú. Tá sonraíocht poist á ullmhú ag mo chuid oifigigh le tabhairt don tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ionas go mbeifear in ann tús a chur leis an gcomórtas gan mhoill.

Beifear ag lorg moltaí maidir leis na chomhaltaí eile a bheidh le hainmniú ag comhlachtaí poiblí don Choiste in am tráth.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.