Written answers
Thursday, 24 February 2022
Department of Rural and Community Development
Seirbhísí Farantóireachta
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
475. To ask the Minister for Rural and Community Development an bhfuil i gceist aici go mbeidh coinníoll sa chéad chonradh farantóireachta paisinéirí eile chuig Oileáin Árann go mbeidh deis nó gléas ann le boscaí agus málaí a iompar isteach agus amach as an mbád go sábhailte; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10657/22]
Heather Humphreys (Cavan-Monaghan, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá obair ar siúl i mo Roinn faoi láthair leis na cáipéisí a bhaineann leis an bpróiseas soláthair le hathnuachan a dhéanamh ar an gconradh farantóireachta d'Oileáin Árainn a ullmhú.
Mar is eol don Teachta, tá próiseas comhairliúcháin le pobal na n-oileán mar chuid lárnach den próiseas athnuachana sin agus tá plé déanta ag oifigigh mo Roinne cheanna féin le hionadaithe pobail Oileáin Árainn maidir leis an gconradh nua.
Is faoin gcomhlacht farantóireachta atá sé na socruithe cuí a dhéanamh maidir le málaí agus lastas éadrom a iompar go sábháilte isteach agus amach ón gcéibh agus níl sé i gceist go gcuirfear aon choinníoll sa chonradh nua maidir le gléas chun málaí a iompar a bheith curtha ar fáil.
Is cuid lárnach den phróiseas soláthair go mbíonn an Roinn ag lorg an tseirbhís farantóireachta is fearr agus is féidir do mhuintir na n-oileán agus spreagtar soláthróirí chuige sin sna cáipéisí soláthair.
No comments