Written answers

Wednesday, 23 February 2022

Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht

Oideachas trí Ghaeilge

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

101. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht maidir le Ceist Uimhir Pharlaiminteach 71 ar an 20 Eanair 2022, stádas an ghasra oibre, an bhfuil an gasra bunaithe fós; soiléiriú a thabhairt ar na téarmaí tagartha; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10295/22]

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar a mhínigh mé don Teachta i mo fhreagra ar Cheist 71 ar 20 Eanáir, tá mo Roinn ag obair i dtreo grúpa oibre a bhunú faoi chathaoirleacht mo Roinne a bheidh ag obair ar leas tuismitheoirí Gaeltachta atá ag tógáil a gclann trí Ghaeilge nó ar mhian leo sin a dhéanamh. Is i gcomhthéacs fhorfheidhmiú an phróisis pleanála teanga a dhéanfar é sin.

Mar is eol don Teachta, cuireann mo Roinn raon tacaíochtaí faoi chláir éagsúla ar fáil do thuismitheoirí agus teaghlaigh Gaeltachta chun cuidiú leo a gclann a thógáil trí Ghaeilge. Is fiú a lua go sonrach gur cheadaigh mo Roinn maoiniú substaintiúil de €1.6m don eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta anuraidh chun cur ar a gcumas clár trí bliana ar leas teaghlaigh Gaeltachta a chur chun feidhme.

Le bunú an ghrúpa nua a bhfuil tagairt déanta ag an Teachta dó, tabharfar páirtithe leasmhara le chéile lena n-áirítear ionadaíocht ó na hOifigigh Pleanála Teanga, Údarás na Gaeltachta, Tuismitheoirí na Gaeltachta agus eagraíochtaí eile de réir mar is cuí.

Beidh sé mar phríomh-chuspóir ag an gcur chuige seo trí chéile tacú tuilleadh le feidhmiú an phróisis pleanála teanga mar a bhaineann sé le cur chun cinn na Gaeilge mar theanga teaghlaigh agus comhoibriú agus comhpháirtíocht a chothú i measc na bpáirtithe éagsúla atá ag feidhmiú ar an talamh faoi scáth an phróisis le cúnamh airgeadais mo Roinne.

Tá mo Roinn, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, ag dréachtú téarmaí tagartha don ghrúpa oibre i láthair na huaire . Táthar ag súil an chéad chruinniú den ghrúpa a thionól roimh dheireadh Márta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.